We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt Phortaigh i nGaeltacht Chonamara.

den Taoiseach an bhfuil iarratas déanta ag Údarás na Gaeltachta ar a Roinn cead a fháil dul ar aghaidh le forbairt phortaigh i nGaeltacht Chonamara; cé mhéad forbartha atá i gceist; cén uair a frítheadh an t-iarratas; an bhfuil sé i gceist aige an togra portaigh sin a cheadú; agus cén uair.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl iarratas den chineál sin faighte ag mo Roinnse ó Údarás na Gaeltachta.

Comment on this

Séard atá taobh thiar den cheist a chuir mé ar an Aire ná go bhfuil na portaigh ceannaithe ag an Údarás ach níl an t-airgead atá ag teastáil chun iad a fhorbairt curtha ar fáil dóibh, cé go bhfuil na hiarratais curtha isteach go dtí an Roinn. Cén uair a mbeidh na suimeanna airgid seo ceadaithe agus curtha ar fáil don Údarás, arís chun fostaíocht a chruthú agus forbairt a chur ar aghaidh sa Ghaeltacht?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Mar atá ráite i dtuarascáil bhliantúil an Údaráis, 1986, bhí an rannóg maoine ag plé le talamh atá i seilbh an Údaráis le fáil amach sa ghearrtéarma cén chaoi is fearr maoin a fháil as. Tá an scrúdú seo á leanúint faoi láthair agus tá daoine fostaithe ag an Údarás le fáil amach cén bealach is fearr úsáid a bhaint as an talamh seo; an féidir, cuir i gcás, úsáid a bhaint as i gcomhair foraoise, i gcomhair portach agus mar sin de.

Comment on this

Cathain a bheidh an scrúdú críochnaithe agus torthaí an scrúdaithe ar fáil dúinn?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl cinneadh iomlán déanta ag an Údarás go fóill agus níl aon togra faoi leith curtha os comhair na Roinne maidir leis an scrúdú seo.

Comment on this

An bhfuil sé fíor nach bhfuil an Roinn ag glacadh le hiarratais portaigh bhreise a cheannach? Is é sin, tá iarratais curtha isteach do phortaigh nua a fháil do mhuintir na háite: an bhfuil an Roinn ag glacadh leis na hiarratais sin faoi látháir?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní shílim go bhfuil aon iarratas ón Údarás maidir le portaigh bhreise a cheannach san áit. Níl an t-eolas sin agamsa.

Comment on this