Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscnaimh Ghaeltachta.
den Taoiseach cé mhéid tionscnamh atá ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta ón 1 Aibreán, 1987; cén ceantar ina bhfuil gach ceann acu lonnaithe; agus cén uimhir postanna atá curtha ar fáil i ngach cás.
Comment on this
Tá eolas ábharthach i leith 1987 agus don chéad cheithre mhí de 1988 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an t-eolas:
1987
1988 (1 Eanáir go 30 Aibreán)
Nótaí
(1) Níl aon chinnteacht ann go rachaidh aon togra ar leith a cheadaítear ar aghaidh.
(2) Tá tograí taighde agus forbartha agus staidéar féidearthachta san áireamh. Níl fostaíocht mheasta i gceist sna tograí sin go fóill.
Comment on this
An dtig leis an Aire Stáit a chur in iúl an bhfuil aon treoracha nó aon rialacha ag Údarás na Gaeltachta chun cinnte a dhéanamh de, nuair a bhíonn tionscnaimh á gceadú ag Bord an Údaráis, go dtugtar cothromaíocht do gach ceantar Gaeltachta sa tír?
Comment on this
Nuair a thagann daoine os comhair an Udaráis le tionscal a bhunú nó a lonnú, is iad na daoine iad féin a shocraíonn cén áit a sochrófar an tionscal sin, agus bíonn fáilte i gcónaí ag an Udarás roimh dhaoine atá sásta a lonnú sa Ghaeltacht, agus is ar éigean go mbeadh sé de bhac orthu dul in áit amháin nó in áit eile. B'fhéidir go ndéanfadh an tÚdarás moladh dóibh dul go háit éigin faoi leith, ach ní chuirfeadh siad bac orthu lonnú i gcibé áit ar theastaigh uathu féin lonnú.
Comment on this
Ón eolas atá tugtha ag an Aire agus nach bhfuil anseo agam, an bhfuil sé féin sásta ón eolas sin go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do gach Gaeltacht, agus Gaeltacht Dhún na nGall, ar ndóign, san áireamh?
Comment on this
Ón eolas atá agamsa sílim go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag an Údarás i gcónaí. B'fhéidir go mbeadh buntáiste ag Gaeltacht áirithe thar a chéile. Cuirim i gcás, ó tharla cathair na Gaillimhe a bheith gar do Ghaeltacht Chonamara, is dócha go mbeadh níos mó fonn ar lucht tionscail a theacht go Gaeltacht Chonamara ná aon Ghaeltacht eile. Ach ní hé sin le rá nach mbeadh cothrom na Féinne le fáil ag duine ar bith ná Gaeltacht ar bith maidir le tionscail a lorg.
Comment on this
An bhfuil tuairim ar bith ag an Aire Stáit faoin méid postanna a mbeadh sé ar a gcumas ag an Údarás a chur ar fáil i mbliana sna ceantair Ghaeltachta?
Comment on this
Sna fiosruithe atá faighte ag deireadh na bliana 1987 bheadh 628 bpost breise, agus don chéad cheathrú den bhliain seo 228. Sin beagnach 1,000 post breise. Sin de réir fiosruithe atá faighte ag an Údarás. Níl mé lánchinnte go nglacfadh gach ceann de na tionsclaithe le lonnú sna Gaeltachtaí, ach ó na fiosruithe atá faighte go dtí seo bheadh tuairim is 1,000 post i gceist.