We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Áiseanna Spóirt agus Caithimh Aimsire.

den Aire Oideachais cén córas atá in úsáid ag a Roinn chun cinneadh ar dháileadh airgid ón gcrannchur náisiúnta ar áiseanna spoirt agus caithimh aimsire.

Comment on this

Is de réir na scéime cuí atá an Roinn ag dáileadh caipitil um sholáthar áiseanna caithimh aimsire.

I gcás na n-aonad spóirt áitiúil agus réigiúnach, táthar chun an t-airgead a dháileadh de réir mar atá beartaithe ag an Rialtas i ngach cás.

Comment on this

Is dócha go n-aontaíonn an tAire go bhfuil athrú mór tar éis teacht ar chúrsaí le bliain anuas ó cuireadh airgead an chrannchuir náisiúnta ar fáil fá choinne scéimeanna den chineál seo. An bhfuil méadú ar bith san uimhir daoine sa Roinn atá ag plé le dáileadh an airgid agus, níos tábhachtaí násin, a dhéanann scrúdú ar na hiarratais a thagann isteach ó áiteanna ar fud na tíre?

Comment on this

Tá an méid céanna daoine ag deileáil leis na hiarratais atá ag teacht isteach, agus tá fadhb mhór againn sa chaoi go bhfuil 400 iarratais faighte faoin am seo. Mar gheall ar an chaoi in a bhfuil rudaí sa Roinn, chomh maith le gach Roinn eile, de bharr an embargo, nílimid in ann níos mó daoine a chur ag plé leis na hiarratais sin. Tá mé sásta go bhfuil cinneadh ceart á dhéanamh ar na hiarratais ag na daoine atá ag obair orthu.

Comment on this

Mar a dúirt mé, tá an t-airgead seo ag teacht ón gcrannchur náisiúnta, agus an aontódh an tAire gur smaoineamh maith dá mbeadh bord neamhspleách, dá mbeidh daoine neamhspleách air, dhéanfadh scrúdú ar na hiarratais agus a dhéanfadh moladh dá réir sin? Cuir i gcás, i láthair na huaire, tá bord ag an Aire a chuireann comhairle air maidir le cúrsaí caithimh aimsire agus spórt, is é sin, Cospóir. Ba cheart go mbeadh ról ag bord mar sin i ndáileadh an airgid agus ag tabhairt comhairle don Aire conas an t-airgead a chur amach agus cén áit a chuirfí é, in ionad é a bheith faoin Aire é féin agus b'fhéidir daoine eile nach bhfuil taithí ar bith acu air.

Comment on this

Is dé réir na ndlíthe a thug Rialtas an Teachta féin isteach atá an t-airgead á thabhairt amach ón chrannchur náisiúnta.

(Cur isteach.)

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Éist le freagra an Aire Stáit.

Comment on this

Thug an Rialtas deireannach na rialacha isteach don chrannchur náisiúnta agus tá scéim againn sa Roinn Oideachais, atá i bhfeidhm ó 1980, agus is í an scéim chéanna atá á úsáid againn anois chun an t-airgead a thabhairt amach. Tá sé ag obair go hanmhaith agus táimid ag déanamh ár gcuid oibre faoi na rialacha sin.

Comment on this
Dinny McGinley Mr. D. McGinley Fine Gael

An aontódh an tAire go bhfuil dualgas orainn go léir, agus ar an Aire agus an Roinn freisin, an mhuinín agus an tacaíocht atá an pobal ag tabhairt don chrannchur náisiúnta a choinneáil agus go bhfuil imní ar fud na tíre——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Ceist ghairid, a Theachta.

Comment on this

——faoin tslí in a bhfuil an t-airgead á thabhairt amach agus an bhféadfadh an tAire Stáit a rá go bhfuil sé de nós ag Airí agus Airí Stáit seiceanna——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Tá mé ag dul go dtí ceist eile.

Comment on this

An aontaíonn sé——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Caithfidh mé dul ar aghaidh don chéad cheist eile.

Comment on this

Níl imní ar mhuintir na tíre faoin méid airgead atá á thabhairt amach. Ar ndóigh, tá áthas orthu go bhfuil sé á thabhairt amach i ngach áit den tír agus go bhfuil na scéimeanna cearta ag fáil an airgid sin. Má tá an dea-scéal á thabhairt amach ag Airí, ní dóigh liom go bhfuil aon rud mí-cheart leis sin. Bhí Airí an Teachta féin san iar-Rialtas, go han-mhaith ag tabhairt airgid amach.

(Cur isteach.)

Comment on this

Is democracy atá againn anseo.

Comment on this