Gaeltacht tourism development
The Minister said Bord Fáilte leads tourism support and job creation, while the Gaeltacht Department provides limited supplementary assistance. Údarás na Gaeltachta wants tourism responsibilities, but the Minister warned this could overlap with Bord Fáilte’s role.
den Taoiseach cén tacaíocht atá á thabhairt ag a Roinn chun cúrsaí turasóireachta a fhorbairt i nGaeltachtaí na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
Comment on this
Ar an gcéad dul síos caithfear a thuiscint go bhfuil eagras Stáit ar leith ann don turasóireacht, sé sin Bord Fáilte Éireann, a bhfuil cúnamh airgid agus eile tugtha thar na blianta aige do dhaoine sa Ghaeltacht. Bíonn cabhair fhorlíontach ar fáil ó Roinn na Gaeltachta trí scéim atá dírithe ar an turasóireacht ach is beag é méid na cabhrach sin le roinnt blianta anuas. Bíonn cúnamh áirithe ar fáil freisin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun seomraí breise do chuairteoirí a thógáil. Ar ndóigh, cabhraíonn scéimeanna eile de chuid na Roinne go hindíreach leis an turasóireacht, m.sh. Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar os cionn milliún punt in aghaidh na bliana le mná tí Gaeltachta a choimeádann foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge ar iostas ina dtithe cónaithe.
Comment on this
Ó thaobh chúrsaí turasóireachta de sna Gaeltachtaí anuraidh, cá mhéad post a cuireadh ar fáil sna ceantracha sin?
Comment on this
Sin ceist eile, a Cheann Comhairle. Mar atá a fhios ag an Teachta, nil cúram turasóireachta sna Gaeltachtaí ar Roinn na Gaeltachta féin. Tugann siad cabhair fhorlíonach, ach thairis sin níl aon chúram orthu. Tá na cúraimí sin ar Bhord Fáilte féin, agus is iadsan a chuireann postanna ar fáil i gcúrsaí turasóireachta.
Comment on this
An féidir leis an Aire Stáit a insint dom cad é an ceangal atá ag Údarás na Gaeltachta le Bord Fáilte ó thaobh chúrsai de a fhorbhairt? Agus an aontóidh sé liom go bhfuil aighneas na slat iascaireachta agus aigneas na mban tí——
Comment on this
Sílim go bhfuil an Teachta ar an dobhar anois. Tá suim ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí turasóireachta agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh ná cúimí sin orthu sna Gaeltachtaí, ach níl sé sin aontaithe go fóil. Tá siad ag iarraidh na cúraimí sin a thógáil orthu féin, ach is é an deacracht atá ann, ó tharla go bhfuil cúraimí turasóireachta ar Bhord Fáilte féin, go mbeadh dhá Rannog Stáit, b'fhéidir, ag teacht salach ar a chéile sna cúrsaí seo.