Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Staid na Gaeilge i gCúige Uladh.
den Aire Gnóthaí Eachtracha an ndéanfaidh sé tagairt do dhrochstaid na Gaeilge i gCúige Uladh ag, cruinnithe den Chomhdháil Angla-Éireannach as seo amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
Comment on this
Rinneadh staid na Gaeilge i dTuairsceart Éireann a phlé cheana ag cruinnithe den gcomhdháil agus freisin cuirtear tuairimí an Rialtais faoin gceist seo in iúl do Rialtas na Breataine in agallaimh agus cruinnithe ar an leibheál oifigiúil. Ina theannta san, bhí gnéithe den cheist seo ar chlár oibre na comhdhála an Aoine seo caite.
Comment on this
An bhfuil an Taoiseach sásta le staid na Gaeilge labhartha i gCúige Uladh faoi láthair agus an mbeidh an cheist á plé aige arís ag an gcruinniú as seo amach?
Comment on this
Cheapfainn go mbeadh staid na Ghaeilge i gCúige Uladh níos fearr ná mar atá séin áiteacha eile sa tír.
Comment on this
An bhfuair Roinn an Taoisigh aon iarratas ar airgead speisialta chun staid na Gaeilge i gCúige Uladh a fheabhsú.