We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Comhlachtaí i gContae Chiarraí.

den Taoiseach cé mhéid airgid a fuair comhlacht (sonraí tugtha) i gContae Chiarraí ó Údarás na Gaeltachta.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurbh é an t-aon chúnamh a fuair an tionscnamh i gceist uathu ná monarcha ar chíos fóirdheonaithe ar feadh bliana. Tá athbhreithniú le déanamh ar an socrú sin go luath.

55. D'fhiafraigh

Comment on this

den Taoiseach an ndéanfaidh sé fiosrú faoin slí inar dúnadh comhlacht (sonraí tugtha) i gContae Chiarraí.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur theip ar an ngnó toisc nár éirigh leis spriocanna díolacháin agus brabúis a bhaint amach. Bhíothas ag súil le margaí sna Stáit Aontaithe a fhorbairt ach níor éirigh leis an gcuideachta é sin a dhéanamh de bharr coimhlinte ó thíortha sa Chian-Oirthear agus luach méadaithe an phuint in aghaidh an dollair.

Tá gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás chun togra ionaid oiriúnach a aimsiú don mhonarcha ina raibh an tionscnamh lonnaithe.

Comment on this