We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Salmon Sea Farms.

asked the Taoiseach if he will ensure greater participation in the ownership and management of salmon sea farms by local Gaeltacht people.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Aithnítear go maith go bhfuil páirt ghníomhach agus ról tábhachtach ann do mhuintir na Gaeltachta i bhforbairt thionscal shaothrú na mara, feirmeoireacht bhradán san áireamh. Chun na críche sin tá scéim thrialach theoranta i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara faoina bhfuil cúnamh á chur ar fáil do roinnt daoine áitiúla chun feirmeacha beaga bradán a bhunú agus a fhorbairt i gcomhar le cuideachtaí bradán atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a bhfuil bonn láidir teicneolaíochta agus margaíochta cruthaithe acu cheana féin.

Chomh maith leis sin bíonn na gnáthdheontais ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun cabhrú leo tograí shaothrú na mara a bhunú. Freisin tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur éirigh le roinnt daoine ón nGaeltacht, a fuair tacaíocht faoi scéimeanna oiliúna na heagraíochta, poist bhainistíochta a bhaint amach i dtionscnaimh fheirmeoireacht bhradán sa Ghaeltacht.

Comment on this