We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Scéim do Thionóntaí.

den Taoiseach an bhfuil aon pháirtíocht ag a Roinn sa scéim a thugann deis do thionóntaí i dtithe údarás áitiúil iad a cheannach amach.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl baint ag Roinn na Gaeltachta leis an scéim sin.

Comment on this

Mar is eol don Aire Stáit, tugann Roinn na Gaeltachta aitheantas ar leith do thithíocht sa Ghaeltacht. Nuair a thógann tú teach úr cuirtear deontas £3,000 ar fáil, agus sin aitheantas do na deachrachtaí atá sa Ghaeltacht. An é an rud atá an tAire a rá nach bhfuil sé ag tabhairt aon aitheantas do na deachrachtaí seo sa scéim úr lenar féidir na tithe a cheannach amach? Is é sin, má tá tú ag ceannach amach teach gheobhaidh tú an deontas céanna sa Ghaeltacht atá le fáil sa chuid eile den tír.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Mar atá a fhios ag an Teachta féin, ní bhaineann an cheist seo leis an Roinn Comhshaoil; baineann sé le comhairle chontae amháin, agus seo réiteach idir an tionónta agus an chomhairle chontae agus tá gach comhairle chontae ag déanamh a réiteach féin maidir le ceannach na dtithe seo, agus níl aon bhaint go díreach againne leis an gceist.

Comment on this

Is é an rud atá i gceist ná go bhfuiltear ag cur tithe ar fáil, agus má thógann tú teach úr sa Ghaeltacht tá deontas £3,000 le fáil. Má thógann tú teach úr taobh amuigh den Ghaeltacht tá an deontas £2,000. Má cheannaíonn tú an teach taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht is £2,000 atá le fáil, agus tá an tAire ag rá nach bhfuil aon rud breise le fáil sa Ghaeltacht. Is céim síos é seo arís chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeltacht.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá a fhios ag an Teachta seo go raibh conradh nó réiteach idir an tionónta sa teach agus an chomhairle chontae, agus níl baint ar bith againne leis an scéal. Anois, más rud é go leanaimid an argóint atá á cur ar aghaidh ag an Teachta, an bhfuil sé ag rá go mba cheart dom tacaíocht a thabhairt do na tionóntaí sa Ghaeltacht a bhfuil tithe ar cíos acu ón gcomhairle chontae? An é sin an rud atá i gceist aige? De réir na hargóna atá á cur ar aghaidh aige anois tá sé ag rá go mba cheart do Roinn na Gaeltachta a bheith ag tabhairt tacaíochta leis an gcíos a íoc don duine nach bhfuil ag ceannach an tí.

Comment on this

Tá mé ag rá má tá tú ag cur teach ar fáil duit féin sa Ghaeltacht anois, níl le fáil agat ach £2,000 mar atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é sin, níl aitheantas ar bith á thabhairt do na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht, mar a thugann sibh do dhaoine atá ag tógáil tithe úra. Tugann sibh aitheantas do na daoine a thógann tithe úra ach níl sibh ag tabhairt aitheantais do na daoine atá ag ceannach amach na dtithe.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá an Teachta ag pleidhcíocht, agus tá a fhios agam go rímhaith céard atá ar siúl aige. Tuigeann sé nach bhfuil aon cheangal idir an rud atá ar siúl i gceannach na dtithe seo leis an Roinn seo nó Ranna Stáit ar bith eile. Baineann sé leis an gcomhairle chontae agus an tionónta amháin.

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Ceist a h-ocht.

Comment on this

A Cheann Comhairle——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Order, please.

Comment on this

On a point of order, I received a communication from your office to the effect that a number of questions I had down in Irish to the Minister for the Gaeltacht in connection with na mná tí were sub judice. Because three individuals have taken court cases, I wanted to ask you if this topic——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

The Deputy must know that he is not in order in raising that matter with me now.

Comment on this

Perhaps you will advise me later.

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

My office is at the Deputy's disposal to elaborate on any contention he may have in respect of the matter he adverts to. Question No. 8.

Comment on this