We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse don Ghaeltacht.

den Taoiseach an dtuigeann sé an géarghá atá le seirbhís teilfíse do na pobail Ghaeltachta má tá an Ghaeilge le maireachtáil ina teanga bheo pobail; an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a leithé id de sheirbhís a bhunú; agus, má tá, cén uair.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Níl aon rud breise le cur agam leis an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 34 ar an 19 Deireadh Fómhair seo caite.

Comment on this

An bhfuil sé intuigthe ón bhfreagra atá tugtha ag an Aire Stáit go bhfuil sé i gceist aige dul ar aghaidh le bunstruchtúir theilifís i nGaeilge a chur ar fáil in ionad theilfís pobal Gaeltachta? Tuigeann sé an difríocht idir an dá choinceap. Tá daoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí agus tá sé ag teastáil uathu go mbeadh scéim theilifíse don Ghaeltacht acu in ionad theilifís i nGaeilge, agus na háiseanna atá á gcur ar fáil faoi láthair, nach bhfuil siadsan ag cur bunstruchtúir theilifís i nGaeilge in áit theilifís pobal Gaeltachta?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Mar a luaigh mé anseo trí seachtainí ó shin, tá na rudaí seo ar fad á gcíoradh i láthair na huaire, agus níl cinneadh dearfa déanta go fóill faoi na cúrsaí sin.

Comment on this

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit nó ag an Roinn dul i gcomhar leis an meitheal oibre atá ag obair chun teilifís Ghaeltachta cheart a bhunú sna Gaeltachtaí? Nó an bhfuil aon chruinniú socraithe chun bualadh leis na daoine atá i gceist?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl a fhios agam céard atá i gceist ag an Teachta faoin meitheal oibre.

Comment on this

Meitheal oibre ó na Gaeltachtaí féin.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Meitheal oibre ó ná Gaeltachtaí féin — tá moltaí glactha ó gach dream díobh sin. Mar atá a fhios ag an Teachta, cuireadh meitheal oibre ar bun a bhain le rannóga Stáit agus le RTÉ. Chuir an Rialtas deiridh iadsan ar bun. Tá tuarascáil curtha amach acu agus tá moltaí áirithe déanta acu, agus seo iad na rudaí atá á gcíoradh i láthair na huaire. Ní hiad Roinn na Gaeltachta amháin atá páirteach sna rudaí seo. Tá Ranna eile, agus sin an fáth nach bhfuil cinneadh déanta chomh luath agus ba mhaith linn.

Comment on this

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil géarghá le cinneadh luath maidir le seirbhís teilifíse a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilgeoirí ar fud na tíre? Agus, uimhir a dó, mar is eol don Aire, tá réabhlóid i gcúrsai teicneolaíochta teilifíse i láthair na huaire. Tá an córas úr MMDS á chur i bhfeidhm, agus an bhfuil aon staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí? An féidir úsáid a bhaint as an gcóras seo ar mhaithe le bealach teilifíse Gaeilge a chur ar fáil? An bhfuil sé sin á scrúdú i láthair na huaire ag an Roinn?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Sílim go bhfuil feabhas mór tagtha ar RTÉ i láthair na huaire ó thaobh chláracha Gaeilge agus an cultúr i gcoitinne a chur ar fáil, agus tá fáilte againn uilig roimh na cúrsaí sin. Ach nuair atáimid ag caint faoi theilfís Ghaeltachta tá sé i gceist, cuirimis i gcás, an ceart stáisiún faoi leith a chur ar fáil do na Gaeltachtaí. Tá go leor a dteastaíonn a chíoradh agus ní féidir a dhul i mbun na seirbhísí seo gan cinneadh ceart a dhéanamh agus gach rud a chur san áireamh.

Comment on this

Ach is fiú é a choimeád i gcuimhne, agus tá mé ag cur na ceiste seo ar an Aire Stáit: an dtuigeann sé go bhfuil difear mór idir na costais atá luaite ag an Roinn agus na costais atá luaite ag muintir na Gaeltachta an-soiléir ar an scéim atá ag teastáil uathu — is é sin scéim phobail teilifíse do phobal na Gaeltachta — go bhfuil siad aontaithe air, agus go bhfuil siad báúil do theilifís i nGaeilge ach gur teilifís phobail atá ag teastáil uathu?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní bheadh buntáiste ar bith le teilifís don Ghaeltacht mura mbeadh tús áite ag muintir na Gaeltachta sna cláracha a chuirfí ar fáil. Tá sé sin i gceist an t-am ar fad, go mbeadh tús áite ag muintir na Gaeltachta agus deis acu páirt a ghlacadh i gcláracha ar bith a chuirfí ar fáil. Ach leis an gcóras a chur i bhfeidhm i gceart agus i gcaoi go mbeadh sé taitneamhach agus go mbeadh glacadh ag muintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí leis, chaithfí an rud a dhéanamh i gceart. Níl maith ar bith dul amach agus stáisiún a chur ar fáil nach mbeadh glacadh leis agus nach mbeadh in ann dul i gcomórtas le cláracha eile do na Gaeltachtaí. Sin an rud atá á chíoradh agus á phlé.

Comment on this