Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.
den Taoiseach cén uair atá sé ar intinn aige cathaoirleach a cheapadh do Bhord na Gaeilge agus na folúntais eile ar an mbord a líonadh.
Comment on this
Tá ceist na gceapachán sin á meas faoi láthair agus déanfar cinneadh ina dtaobh a luaithe is féidir.
Comment on this
Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, tá roinnt folúntas ar Bhord na Gaeilge i láthair an huaire agus na cúig bhall ag éirí as roimh a dtéarma a bheith caite. Bhí cuid acu ag déanamh ionadaíochta ar an Roinnn Oideachais, ar Chumann Lúthchleas Gael, na ceardchumainn agus ar Ghael-Linn. An bhfuil sé ar intinn ionadaithe ó na heagraíochtaí seo a cheapadh nuair a bheidh na ceapacháin le hathdhéanamh? Agus, uimhir a dó, an bhfuil aon phleananna ag an Taoiseach é féin agus Aire na Gaeltachta casadh ar an chathaoirleach úr agus ar an bhord úr nuair a bheas siad ceaptha?