Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais do Thithe Gaeltachta.
den Taoiseach an mbeidh sé sásta an riail a athrú a chuireann iachall orthu siúd atá ag iarraidh deontas faoi Achtanna na dTithe Gaeltachta conraitheoir cláraithe a bheith acu sula n-íocfar aon deontas leo.
Comment on this
Níl sé i gceist an riail áirithe sin a athrú. Is d'aon ghnó chun fostaíocht dhleathach a chruthú sa tionscal tógála a cinneadh gur gá uimhreacha cánach na gconratheoirí a dhéanfaidh na hoibreacha a thabhairt sula bhféadfar glacadh le hiarratais ar chúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).
Comment on this
An nglacann an tAire leis gurb é an sórt nóis a bhí ann in áiteacha in iarthar na hÉireann, ar na hoileáin go háirithe, go dtógfadh duine a theach dó féin? Ó cuireadh an riail seo ar bun, éinne a thógann a theach féin mar sin níl sé ceadaithe an deontas a fháil. Caithfidh sé go nglacann an tAire leis nach bhfuil sé féaráilte an riail sin a chur i bhfeidhm i gcásanna den sórt sin. An bhféadfadh sé eisceacht a dhéanamh i gcasanna ina bhféadfaí a chruthú nach conraitheóir a bhí i gceist ach gur duine a bhí ag tógáil tí dó féin nó do dhuine dá chlann?
Comment on this
Thiocfainn leis an méid atáa rá ag an Teachta go gcuireann an riail seo miondeacrachtaí ann, go mórmhór ar na hoileáin, ó thaobh na gcúrsaí seo. Tá an riail déanta ag an Roinn Airgeadais agus ag an Rialtas maidir leis an gceist seo agus tá sé deacair eisceacht a dhéanamh. Tá cuid de na hoileáin agus tá comharchumann acu atá cláraithe, agus cuidíonn sé sin le cuid de na hoileáin, ach ní shílim gurb é réiteach na ceiste san iomlán é.
Comment on this
Tá mé ag iarraidh ar an Aire an cheist seo a chur ar ais os comhair an Rialtais agus na nAirí atá i gceist, an tAire Comhshaoil agus Aire na Gaeltachta, chun scéim faoi leith a chur ar bun chun eisceacht a dhéanamh díobh siúd atá ag tógáil an tí dóibh féin nó do dhuine dá gclann.
Comment on this
Pléadh é ag Coiste na nAirí atá ag plé leis na hoileáin agus bhí moltaí áirithe maidir leis an gceist. Ach is é an deacracht atá ann, ar ndóigh, eisceacht a dhéanamh, de áit ar bith, nuair atá an dlí ann, mar ta áiteacha iargúlta chomh maith leis na Gaeltachtaí féin a bhfuil an deacracht seo acu.
Comment on this
An mbeadh an tAire sásta athsmaoineamh a dhéanamh ar an gcás seo ar fad, mar níl sé féaráilte an deontas a dhiúltú do dhaoine atá sa chás seo.
Comment on this
Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire go bhfuil deacrachtaí móra, go speisialta ar na hoileáin, agus d'iarrfainn air, cinnte, athbhreithniú a dhéanamh ar cheist oileáin, uimhir a haon, nach bhfuil conraitheóir cláraithe ina chónaí ar an oileán, agus, uimhir a dó, nach bhfuil comharchumann ann. Teaghlach a bhfuil fonn orthu teach a thógáil ar oileán mar sin, tá costais bhreise uafásacha ag baint leis, agus d'iarrfainn ar an Aire athbhreithniú cinnte a dhéanamh air sin agus aghaidh a thabhairt ar mholtaí Comhairle na nOileán.