We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Seirbhís Héileacaptair d'Oileán Thoraigh (Dún na nGall).

den Taoiseach an mbeidh Údarás na Gaeltachta ag cur gnáthsheirbhís gheimhridh héileacaptair ar fáil d'Oileán Thoraigh i gContae Dhún na nGall an geimhreadh seo mar a rinne siad le cúpla bliain anuas.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil cinneadh foirmiúil déanta acu fós faoin ábhar sin. Tá dóchas againn, áfach, go gcuirfidh an tÚdarás seirbhís héileacaptair ar fáil arís do Thoraigh agus d'Inis Bó Finne le linn an gheimhridh-earraigh 1988-89.

Comment on this

An féidir leis an Aire Stáit a chur ina luí ar an Údarás go mbeadh sé an-allta aon ghearradh siar a bheith ar an tseirbhís seo i rith an gheimhridh? Chomh maith leis sin, bhí an tseirbhís ar siúl anuraidh ar feadh chúig mhí agus bhí sí tosaithe faoin am seo. Go dtí seo i mbliana níor cuireadh tús leis an tseirbhís go fóill, agus an bhféadfadh an tAire a rá cén uair a bheifear ag cur tús leis an tseirbhís seo don gheimhreadh do Oileán Thoraigh?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá sé i gceist go socrófar an tseirbhís arís ag cruinniú an Údaráis ar an 8ú lá den mhí seo chugainn, agus go gcuirfear tús leis an tseirbhís ar an 16ú lá de mhí na Nollag.

Comment on this