Ceisteanna—Questions Oral Answers - Bóithre Áise Ghaeltacht Dhún an nGall.
den Taoiseach cé mhéid airgid a cuireadh ar fáil óna Roinn i mbliana do bhóithre áise i nGaeltacht Dhún na nGall; agus cad iad na bóithre ar caitheadh an t-airgead orthu.
Comment on this
Tá cúnamh £46,950 ceadaithe ag mo Roinnse chun bóithre a fheabhsú nó a dheisiú i nGaeltacht Dhún na nGall i mbliana agus tá £3,000 íoctha go dtí seo. Cuirfear liosta de na bóithre i gceist timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cén uair a chaithfidh an obair ar na bóithre a bheith déanta? An bhfuil aon teorainn ama chun an obair a dhéanamh?
Comment on this
De ghnáth bímid ag súil go mbeadh an obair déanta i rith na bliana reatha, nuair atá an t-airgead curtha ar fáil. Níl a fhios agam an mbeimid in ann é sin a chríochnú i mbliana, ach beidh sé á dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Comment on this
Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire cén fáth a bhfuil sé chomh deireannach ag déanamh cinneadh faoi chaitheamh an airgid seo do bhóithre áise sna ceantair Ghaeltachta, os rud é nach bhfuil ach cúig nó sé seachtainí fágtha sa bhliain anois. Nuair a thógann tú laethanta saoire amach as sin is beag am atá ann chun an t-airgead a chaitheamh agus na bóithre a dheisiú. An bhfuil sé i gceist aon chuid den airgead seo a chur ar fáil le bóithre nach bóithre áise iad?
Comment on this
Is é an deacracht atá ann go mbíonn comhairlí contae eile nach bhfuil sásta meastacháin a chur isteach, agus is í contae na Gaillimhe ceann de na contaetha atá i gceist anseo. Tá comhairlí eile atá sásta na meastacháin a chur isteach, agus féachaimid ansin leis an airgead a chur amach ag an am céanna. Tá contaetha áirithe agus d'fhéadfadh an obair a bheith críochnaithe dá mba rud é gur glacadh na meastacháin a cuireadh isteach. Tá cúpla cás ar chuireamar airgead ar fáil le haghaidh bhóithre contae, áit a raibh na bóithre sin go dona, agus rinneamar cinneadh leis na comhairlí contae maidir leis na bóithre sin, agus shíleamar go raibh sé ar mhaithe le muintir na Gaeltachta san áit a ndearnadh an cinneadh sin.