We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cábla-charr do Inis Bigil (Contae Mhaigh Eo).

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist airgead a chur ar fáil chun cábla-charr a chur ar bun go hInis Bigil, Contae Mhaigh Eo; agus an ndéanfadh sé ráiteas ina leith.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Faoi mar a dúirt mé leis an Teachta cheana, is gá togra costasach den chineál seo a mheas go cúramach agus tá sé sin á dhéanamh go fóill i gcoimhlint le tograí eile a bhfuil cúnamh iarrtha ar mo Roinnse ina leith.

Comment on this

Nach measann an tAire Stáit go bhfuil sé thar am go mbeadh cinneadh déanta ar an dtogra seo. Tá sé taobh istigh den Roinn níos mó ná bliain agus ceapann muintir an oileáin go bhfuil siad ligthe síos ar fad ag Rialtas Fhianna Fáil os rud é gur tugadh geallúint cinnte dóibh ag cruinniú ar an oileán níos mó ná bliain ó shin. An féidir liom a iarraidh ar an Aire cinneadh a dhéanamh go luath?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Is fíor don Teachta, bhí sé os comhair an Rialtais, agus tá sé á mheas go fóill. Mar atá a fhios aige chomh maith, tá ceist na n-oileán agus na buntáistí a bheas ag teacht do mhuintir na n-oileán faoi scrúdú, agus caithfear airgead de réir mar a shíleann an Rialtas go mbeidh tábhacht leis do na hoileáin ar fad.

Comment on this

Cathain a mbeidh an costas measta ag an Roinn — taobh istigh de cúpla mí, cúpla seachtain nó cé mhéad ama?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní féidir liom freagra deimhneach a thabhairt air sin.

Comment on this