Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Téacsleabhair Ghaeilge.
den Aire Oideachais cén dul chun cinn atá déanta ag an nGúm maidir le téacsleabhair Ghaeilge a chur ar fáil sna hábhair éagsúla don tsraith shóisearach a bheidh ag tosnú i bhfómhar 1989.
Comment on this
Tá ceist téacsleabhair a chur ar fáil sna hábhair éagsúla den sraith shóisearach faoi bhreithniú. Is mar chuid de chlár i leith téacsleabhair i gcoitinne a chur ar fáil do na scoileanna is fearr breathnú ar an scéal seo. Táim sásta go bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun freastal ar riachtanais nua, mar na siollabais sa sraith shóisearach, atá ag teacht chun tosaigh.
Comment on this
Deir an tAire Stáit go bhfuil an cheist á breithniú faoi láthair. Mar is eol dó, beidh an siollabas úr ag teacht isteach ag deireadh na bliana seo. An bhfuil aon dul chun cinn déanta go fóill ar na leabhair; cé tá freagarthach as na leabhair a chur ar fáil; agus an bhfuil aon fhoireann bhreise glactha isteach chun an obair thábhachtach seo a dhéanamh?
Comment on this
Tá dul chun cinn á dhéanamh. Tá cigire ag obair ar na haistriúcháin ag an am seo agus tá súil againn go mbeimid in ann leabhair a chur ar fáil don siollabas nua a bheas ag teacht san fhómhair. Mar is eol don Teachta tá deacrachtaí maidir leis na téacsleabhair as Gaeilge de bharr an mhargaidh chúing atá againn; bíonn sé deacair daoine a fháil chun na leabhair seo a chur i gcló.
Comment on this
An mbeidh leabhair Ghaeilge ar fáil do na scoileanna i mí Meán Fómhair? An aontaíonn sé go bhfuil na comhlachtaí eile ag cur leabhair Bhéarla ar fáil do na scoileanna ar fud na tíre and má táimid dáiríre faoi iarbhunoideachas trí Ghaeilge, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí teacsleabhair Ghaeilge ar fáil. Tá níos mó de dhíth orainn ná go bhfuil an cheist á breithniú.
Comment on this
An mbeidh na téacsleabhair le fáil i ngach ábhar nó cad iad na hábhair a mbeidh na leabhair le fáil iontu; agus an mbeidh siad le fáil sa bhfómhar seo chugainn?
Comment on this
Ag an bpointe seo tá gach iarracht á déanamh i gcaoi is go mbeidh na leabhair curtha ar fáil. Táimid ag obair ar chúig ábhar agus táimid ag déanamh ár ndícheall ionas go mbeidh an obair críochnaithe sa Méan Fómhair.
Comment on this
An aontaíonn an tAire Stáit nach bhfuil sé sásúil, mar shampla, nár cuireadh amach an leagan Gaeilge de liosta na leabhar nua dos na scoileanna agus dos na clódóirí ag an am céanna in ar scaipeadh amach an liosta leabhar trí Bhéarla? An nglacann sé chomh maith nach bhfuil sé sásúil gur thosaigh an bhliain seo caite le 12 leabhar in easnamh ón chlár agus nach bhfuil ach cúig á ullmhú faoi láthair?
Comment on this
Ní aontaím leis an Teachta faoi 12 ábhar. Is é an t-eolas atá againn ná go bhfúil téacsleabhair á gcur ar fáil don Mheánteist. Tá liosta anseo agam ar a bhfuil 12 ábhar agus tá cúig ábhar eile——
Comment on this
An bhfuil aon duine breise fostaithe chun an obair thábhachtach seo a dhéanamh. Thagraigh an tAire do chigire amháin. Ní leor cigire amháin——