We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Charraig na Finn (Dún na nGall).

den Taoiseach an bhfuil comhlacht bainistíochta bunaithe le haerstráice Charraig na Finn i dTír Chonaill a reachtúil; cén bhallraíocht atá ar an mbord; agus cén pháirtíocht atá ag Údarás na Gaeltachta ann.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhlacht, Aerphort Idirnáisiúnta Dhún na nGall Teoranta, bunaithe chun gnó aerstráice Charraig na Finn a riaradh, a bhainistiú agus a fhorbairt. Beidh 40 faoin gcéad de na scaireanna sa chomhlacht sin ag Údarás na Gaeltachta agus dhá ionadaí aige ar an mbord. Tá triúr eile, beirt fhear gnó agus bainisteoir an aerstráice, ar bhord an chomhlachta chomh maith.

Comment on this

An bhféadfadh an tAire a rá cé hé an cathaoirleach ar an gcomhlacht bainistíochta, agus an bhféadfaidh sé a chur in iúl an bhfuil aon aerlínte eile chun seirbhís a chur ar fáil ón aerstráice seo nó an bhfuil aon aerlínte eile ag fiosrú seirbhísí breise a chur ar fáil?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Is é an cathaoirleach ná fear darab ainm Liam Forker agus, mar a dúirt mé, tá beirt ó Údarás na Gaeltachta agus an bainisteoir, fear atá, tá mé cinnte, ar aithne ag an Teachta. Tá seirbhís á reachtáil faoi láthair ag an gComhlacht Logan Air idir Glascú agus Charraig na Finn ó Mhárta 1988.

Comment on this

An bhfuil aon chomhlacht eile ag léiriú suime i seirbhísí breise a chur ar fáil?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl aon eolas agam go bhfuil ach cuirfidh mé faisnéis.

Comment on this