Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feachtas Fograíochta don Ghaeilge.
den Taoiseach can iad na socruithe atá déanta maidir leis an bhfeachtas fógraíochta don Ghaeilge atá beartaithe don fhómhar seo chugainn; agus cad iad na heagraíochtaí Stáit a bheidh páirteach ann.
Comment on this
Roghnaíodh le fíordhéanaí an ghníomhaireacht fhógraíochta atá chun dul i mbun an fheachtais agus tuigim go bhfuil said ag réiteach mionsonraí an fheachtais faoi láthair. Cé gur trí Roinn na Gaeltachta a chuirfear an t-airgead ar fáil, tá sé socraithe go ndéanfaidh Údarás na Gaeltachta bainisteoireacht ar an bhfeachtas.
Ar ndóigh, beidh an tÚdarás freagrach as mionsonraí an fheachtais.
Comment on this
Tá áthas orm go mbeidh an tÚdarás ag cur an fheachtais seo chun cinn, mar go bhfuil mion-eolas acu ar an nGaeltacht. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an mbeidh páirtíocht ag aon eagras Stáit eile sa bhfeachtas, cuir i gcás, Bord na Gaeilge, a bhfuil stádas reachtúil acu i leith cur chun cinn na Gaeilge; nó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bhfuil na heagraíochtaí go léir eile faoin a chúram?
Comment on this
Mar a dúirt mé sa bhfreagra, beidh an tÚdarás freagrach as mionsonraí an fheachtais agus bheinn ag súil go mbeadh siad ag plé leis na boird a luaigh an Teachta má tá eolas eile ag teastáil uathu. Sin an gnáth rud. Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ansin chomh maith agus is dócha go mbeidh teangmháil ag an Údarás leis na daoine sin nuair a bheidh an feachtas á réiteach acu.
Comment on this
Sílim go bhfuil géarghá le comhordnú do na heagraíochtaí Stáit uilig: an tÚdarás, Bord na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus mar sin de. Cad a bheas i gceist sa bhfeachtas? Cad iad na meáin chumarsáide a mbeifear ag baint usáide astu?