We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Áise i gContae Dhún na nGall.

den Taoiseach cén méid airgid atá ceadaithe ag a Roinn le haghaidh deisiúcháin ar bhóithre áise i nDún na nGall i mbliana go dáta; agus an dtabharfaidh sé sonraí faoi na bóithre ar a bhfuil an t-airgead le caitheamh.

Comment on this

Tá £57,150 ceadaithe go dtí seo i mbliana le haghaidh deisiúcháin ar bhóithre áise i gContae Dhún na nGall. Cuirfear liosta de na bóithre a bhfuil cúnamh ceadaithe ina leith timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

* Ar choinníoll go gcuireann an chomhairle chontae suim comhionann ar fáil.

Comment on this

An bhféadfadh an Taoiseach a rá an mbeidh aon airgead eile roimh dheireach na bliana le caitheamh ar bhóithre, go speisialta bóithre portaigh agus caoráin, atá chomh dona sin i nDún na nGall agus sna Gaeltachtaí eile ar fud na tire i láthair na huaire? An mbeidh aon airgead breise á chur ar fáil?

Comment on this

Tá ceist eile mar gheall air sin, ceapaim.

Comment on this