We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Roinn na Gaeltachta.

Jim Higgins Mr. J. Higgins Fine Gael

den Taoiseach cén uimhir cuairteanna a thug sé ar Roinn na Gaeltachta ó Mhárta 1987 go dtí Bealtaine 1989; agus cén uimhir cuairteanna a thug sé ar Roinn na Gaeltachta mar Aire na Gaeltachta le linn a réime láithrí.

Comment on this

Faoi mar is eol don Teachta, tá Aire Stáit cumasach ceaptha agam — Pat the Cope Gallagher, TD — a bhfuil cúram sonrach air i ndáil le Roinn na Gaeltachta. Bíonn plé rialta agam leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne de réir mar is gá.

Comment on this

Sílim go bhfuil sé le tuiscint ón fhreagra a thug an Taoiseach nár thug sé aon chuairt ar Roinn na Gaeltachta go fóill, agus sílim gur mór an trua é sin. Ach ba mhaith liom moladh a dhéanamh: táimid ag dul a bheith constructive, mar a deir daoine sa Teach, agus muid ag druidim le séasúr na Nollag, sílim go mbeadh an-fháilte roimh an Taoiseach dá dtabharfadh sé a chéad chuairt ofigiúil mar Aire na Gaeltachta ar Roinn na Gaeltachta. Sílim go dtabharfadh sé ardú dóchais agus meanman don Roinn dá mbeadh sé le sin a dhéanamh.

Comment on this

Tá Aire Stáit éifeachtach agam i mbun Roinn na Gaeltachta agus tá mé lánsásta leis.

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Independent

Ceist a haon déag anois.

Comment on this