Gaeltacht host-family payments
McGinley sought an increase in host families’ payments, noting there had been no rise since 1990 and that the daily rate was £3.50. Wilson said there would be no increase this year; the additional £150,000 would support more learners attending Gaeltacht colleges.
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn ag a Roinn ardú costaisí lóistín a cheadú do mhná tí na Gaeltachta a mbíonn daltaí coláistí Gaeilge samhraidh ar lóistín acu; agus má tá, cad é méid an ardaithe.
Comment on this
Níl sé i gceist méadú a dhéanamh ar an deontas a íocann mo Roinn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana.
Comment on this
Cuireann sé brón orm an scéal sin a chloisteáil. Bhíomar ag súil go mbeadh ardú suntasach le fáil ag na mná tí i mbliana. Shíl na mná tí iad féin sin. An dtuigeann an tAire nach bhfuair siad aon ardú, chomh fada agus is eol dom, ó bhí 1990 ann, agus nach bhfuil siad ag fáil in aghaidh an lae ach trí phunt agus caoga pingin, agus tá a fhios againn go bhfuil an costas maireachtála ag dul suas i rith na bliana. Sílim go bhfuil sé thar am go dtabharfaí ardú do na mná tí seo. Caithfimid an caighdeán a choinneáil suas. Cuirtear lóistín maith ar fáil dóibh, cuirtear béilí maithe ar fáil dóibh agus d'iarrfainn ar an Aire athmhachnamh agus athscrúdú a dhéanamh ar an scéal agus fiú amháin ardú a thabhairt dóibh a choinneodh suas leis an ráta boilscithe.
Comment on this
Tá a fhios agam nach bhfuair siad ardú ar bith ó 1990 i leith ach fuair siad ardú suntasach sa bhliain sin agus níl an t-ardú ídithe go fóill. Tá cruthú de shórt éigin sa mhéid eolais seo, is é sin go bhfuil ardú ó 1986, ó 16,600 go dtí 20,594 d'fhoghlaimeoirí ag freastal ar na Gaeltachtaí. Aontaím leis an Teachta go bhfuil jab maith á dhéanamh ag na mná tí sin. Tá a fhios agam go bhfuil béilí maithe curtha ar fáil do na foghlaimeoirí. Ná déan dearmad gur chaith mise mar ógánach seal i nGaeltacht Thír Chonaill, ní i nGaoth Dobhair, mo léan, ach i Rann na Feirste, agus tá eolas agam ar na mná tí sin, chomh cumasach agus chomh maith agus atá siad do na scoláirí.
Comment on this
Thuigeamar gur cuireadh £150,000 breise ar fáil sa Cháinaisnéis do na coláistí Gaeilge. An bhfuil sé sin ann le tacaíocht a thabhairt do bhreis daoine a dhul chun na Gaeltachta nó an raibh sé ar intinn é a thabhairt do na mná tí, mar a bhíomar uilig ag súil leis?