Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Staitisticí faoin Ghaeltacht.
d'Aire na Gaeltachta an ndéarfadh sé faoi gach Gaeltacht sa tír, (1) cén méid acraí atá iontu, (2) cén líon daonra i ngach Gaeltacht acu i, (a) 1961, (b) 1971, (c) 1981 agus (d) 1991, (3) cén céatadán ardaithe nó laghdaithe a thaispeánann sé seo, (4) cén líon a bhí fostaithe go lán-aimseartha i ngach Gaeltacht ar an (i) 1 Eanáir, 1980 agus (ii) ar an chéad Eanáir de gach uile bhliain ó 1985 go dtí 1991; cén céatadán a thaispeánann sé seo; an bhfuil sé sásta leis an treoir seo; agus an ndéanfadh sé ráiteas ina leith.
Comment on this
Tá an t-eolas staitisticiúil a iarradh i dtáblaí a chuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Maidir le fostaíocht i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta léiríonn an tábla iomchuí (Tábla 3) go raibh glanmhéadú carnach de thimpeall 25 faoin gcéad i líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é ar 1 Eanáir 1980 go dtí deireadh 1990. Níl figiúirí cinnte ar fáil go fóill le haghaidh deireadh 1991 ach meastar go raibh glanmhéadú beag i líon na bpost a cruthaíodh sa bhliain sin. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach ag an Údarás ó 1980 i leith ag féachaint do na deacrachtaí móra a bhíonn le sárú ag an eagraíocht ina cuid iarrachtaí chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn, mar shampla, iargúlatcht na gceantar Gaeltachta, fad ó mhargaí, easpa bunstruchtúir, etc. Is ábhar imní agus machnaimh don Údarás agus domsa mar Aire na Gaeltachta, cé go bhfuil líon maith post á gcruthú in aghaidh na bliana (mar shampla timpeall 900 post i 1991) go bhfuil líon maith post á gcailliúint freisin gach bliain. Beidh an cheist sin á plé agam leis an Údarás d'fhonn feabhas a chur ar an scéal oiread agus is féidir. Ar ndóigh caithfear smaoineamh air nach sa Ghaeltacht amháin a bhíonn sé seo ag tarlú.
Seo a leanas na táblaí:
Tábla 1
Achar (in acraí)
Tábla 2
Daonra
* Níl ar Fáil go fóill.
Tábla 3
An líon daoine a bhí fostaithe i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta/ó Ghaeltarra Éireann ag 31 Nollaig i ngach bliain seo a leanas
Foilseofar na sonraí maidir le 1991 i dTuarascáil agus Cuntais an Údaráis don bhliain sin.