Údarás na Gaeltachta powers
McGinley asks whether the Authority’s industrial-development powers will be protected and whether it should gain a tourism role, citing the Culliton report’s proposed national agency. Wilson says no change to its existing powers is planned, rejects placing it under the proposed agency, and says no formal decision has yet been made.
d'Aire na Gaeltachta an eol dó, i bhfianaise thuarascáil Culliton, go bhfuil sé tábhachtach nach ndéanfaí laghdú nó maolú ar bith ar chumhachtaí Údarás na Gaeltachta chomh fada is a bhaineann sé le forbairt tionsclaíochta; agus an aontódh sé gur cheart breis cumhachtaí a thabhairt don Údarás maidir le forbairt tionscal na turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta.
Comment on this
Níl sé beartaithe athrú a dhéanamh ar na cumhachtaí leathana atá ag Údarás na Gaeltacht chun forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht a chur chun cinn.
Maidir le ról a bheith ag an Údarás i bhforbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht tá an cheist sin á breithniú ag mo Roinnse i láthair na huaire.
Comment on this
Bhí mé ag tagairt sa cheist sin do thuarascáil Culliton mar atá ar eolas againn go léir. Tá sé molta sa tuarascáil sin go mbeadh aisíneacht náisiúnta i mbun fhorbairt tionsclaíochta agus, go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus, b'fhéidir, SFADCo, ag gníomhú faoi aisíneacht den chineál sin. An aontódh an tAire gur mhaith an rud é sin nó an aontódh sé, mar cheapaim féin, gurbh olc an rud é dá gcaillfeadh Údarás na Gaeltacha a neamhspleáchas ag gníomhú mar eagraíocht fhorbairt tionscail go dtí seo?
Comment on this
Ní aontaím gur mhaith an rud é sin, agus tá ráite agam cheana féin in áiteanna eile, mar tá níos mó ná forbairt tionscail i gceist i gcás na nGaeltachtaí. Dá bhrí sin tá cuid mhaith eile atá tábhachtach i leith na nGaeltachtaí agus tá súil agam go rachaidh Údarás na Gaeltachta ar aghaidh ag forbairt tionscail agus ag forbairt na nGaeltachtaí.
Comment on this
An féidir linn glacadh ón méid a bhí le rá ag an Aire nach n-aontaíonn sé le ceann de na moltaí a bhí sa tuarascáil, go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag gníomhú faoin aisíneacht nua atá molta sa tuarascáil? Sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfaighimis gealltanas ón Aire go bhfágfar na cumhachtaí ag an Údarás mar atá agus nach mbeidh siad ag gníomhú mar a mholtar sa tuarascáil seo.