We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Oileán Thoraí.

Tory Island harbour works

Summary

McGinley sought progress on the island’s development plan and harbour, and welcomed a ministerial visit. Gallagher said surveys were complete and a model study was under way, with plans and cost estimates to follow; he would press the Marine Department to act quickly.

d'Aire na Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta ar phlean forbartha Oileán Thoraí maidir le forbairt calafort agus aerstráice; agus an bhfuil sé ar intinn aige cuairt a thabhairt ar an oileán le linn a thréimhse mar Aire na Gaeltachta.

10. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cén dul cun chinn atá déanta maidir le plean chun aerstráice a thógaint ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfadh sé ráiteas ina thaobh.

Comment on this

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. a 9 agus Uimh. a 10 le chéile.

Maidir leis na saoráidí calaíochta ar Oileán Thoraí, cheadaigh Roinn na Gaeltachta deontas lánchostais £76,000 chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna áirithe agus staidéar mionsamhail a dhéanamh d'fhonn a aimsiú cad iad na muiroibreacha is fearr a d'fhreastalódh ar mhuintir Thoraí. Tá na suirbhéanna déanta agus tá an staidéar mionsamhla ar siúl i láthair na huaire. Nuair a bheidh an staidéar sin críochnaithe, déanfar pleananna a dhearadh agus ullmhófar meastachán costais. Déanfar tuilleadh staidéir ar an cheist nuair a bheidh an t-eolas sin ar fáil.

Maidir le haerstráice don oileán, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil suíomh aitheanta agus dearadh don aerstráice ullamh. Is gné bhunúsach den togra, áfach, aersheirbhís a chur ar fáil agus tá an cheist áirithe sin á scrúdú ag an Údarás. Beidh an togra in iomlán idir aerstráice agus aersheirbhís le bhreithniú go cúramach ag an Údarás i dtráth chuí agus, má shocraíonn siad gur chóir dul ar aghaidh leis, tar éis dóibh an costas a bhainfeadh leis a chur san áireamh, beidh an cás le cur faoi bhráid mo Roinne-se le scrúdú.

Táim cinnte gur mhaith leis an Tánaiste agus Aire na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar an oileán amach anseo.

Comment on this

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire Stáit as an eolas sin agus tá mé cinnte go mbeidh lúcháir ar mhuintir Thoraí agus go gcuirfidh siad fáilte roimh Aire na Gaeltachta, an Tánaiste, nuair a thabharfaidh sé cuairt ar an oileán agus tá mé cinnte go mbainfidh sé an oiread suilt agus taitnimh as an turas agus a bhain mé féin uair ar bith a bhí mé ar an oileán sin. Tá sé trí bliana beagnach anois ó láinseáladh plean forbartha ar an oileán agus ba é ceann de na príomh-mholtaí a bhí sa phlean ná calafort ceart. Nach n-aontódh an tAire Stáit, agus bád farantóireachta ag dul i mbun dualgas idir an mhórthír agus Toraí gan mhoill an samhradh seo, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh nach ndéanfaí níos mó moille nó faillí faoi chalafort cheart a chur ar fáil ar an oileán sa dóigh is gur féidir leis na daoine dul go dtí an oileán agus teacht ar ais.

Comment on this

Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé na muiroibreacha seo a chur ar fáil. Tá bád farantóireachta, agus bhí ceann ann anuraidh, ag freastal ar an oileán. Mar a dúirt mé, chuireamar an t-airgead ar fáil i bhfoirm dheontas lánchostais do Roinn na Mara. Tá na suirbhéanna déanta agus tá an staidéar mionsamhla á dhéanamh agus beidh mé féin, ní amháin mar Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta ach freisin mar Aire Stáit i Roinn na Mara, ag cur brú orthu ionas go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chomh maith leis an Teachta, glacaim go bhfuil práinn leis an cheist seo.

Comment on this