Tory Island airstrip and air service
Dukes challenged delays over the airstrip and urged the Government and Údarás na Gaeltachta to ensure an air service, citing islanders’ reliance on costly winter helicopter travel. Gallagher said the strip’s site and design were ready, but Údarás had to resolve the air-service question; annual grants supported the helicopter service.
An aontódh an tAire liom go mbeidh an-díomá ar mhuintir an oileáin anois a fháil amach go bhfuil coinníollacha ag baint le ceist seo an aerstráice? Nach cuimhin leis an Aire, mar shampla, nach raibh aon cheist ann faoi choinníollacha den saghas seo trí bliana ó shin nuair a bhí an plean forbartha á láinseáil aige féin ar an oileán agus go raibh suíomh leagtha amach ag muintir an oileáin don aerstráice agus nach raibh aon cheist á lua ag an Aire Stáit ag an am faoin staidéar seo atá tar éis trí bliana a thógáil agus nach bhfuil aon saghas cinneadh déanta ag an Aire go dtí seo.
Comment on this
Níl staidéar ar bith de dhíth maidir leis an aerstráice; is ceist é seo d'Údarás na Gaeltachta. Tá an suíomh aitheanta agus dearadh an aerstráice réidh. Ach níl mórán maitheasa aerstráice a chur ar fáil gan aersheirbhís. Mhol Údarás na Gaeltachta go gcuirfí seo ar fáil ach tá ceisteanna le freagairt ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an aersheirbhís. Táimid dáiríre faoi cheist sin na muiroibreacha agus an aerstráice.
Comment on this
Tá i bhfad níos mó brí ag baint leis an gcaint nach bhfuil aon chúis aerstráice a chur ann gan aersheirbhís ná a mhalairt. Ceapaim go bhfuil an tAire Stáit ag iompú an scéil bunoscionn. Nach bhfuil d'iallach ar an Aire Stáit agus ar Údarás na Gaeltachta anois féachaint chuige go gcuirfear aersheirbhís ar fáil mar go bhfuil sé ag teastáil go géar ó mhuintir an oileáin nach féidir leo costas héalacaptair a iompar gach geimhreadh.
Comment on this
Tá a fhios agam cé chomh práinneach agus atá an cheist seo, ach is ceist í d'Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire agus caithfidh siadsan teacht ar ais chugainn sa Roinn. Maidir leis an tseirbhís héalacaptair tá a fhios ag an Teachta Dukes go bhfuilimidne, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag cur deontais ar fáil gach bliain, go háirithe i rith an gheimhridh, chun seirbhís a chur ar fáil chuig oileán Thóraí.