Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.
- Gaeltacht job creation and costs 3 speeches
Údarás na Gaeltachta-supported industries created 897 jobs but lost 887 in 1991, a net gain of ten. Gallagher could not assign a cost to those ten jobs, noting that grants and advances also funded projects expected to create jobs in later years.
Pat the Cope Gallagher, Eamon Gilmore
- Údarás progress and responsibilities 2 speeches
Gilmore asked whether the Minister was satisfied with industrial progress in the Gaeltacht and whether the Údarás’s role might be transferred elsewhere. Gallagher said no one could be satisfied until everyone had a job, and said transferring the role was not under consideration.
Eamon Gilmore, Pat the Cope Gallagher
Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 897 bpost nua lánaimseartha i rith 1991 i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht i gcomparáid leis an sprioc de 600 post nua a bhí ann don bhliain sin. Ba bhliain dheacair í 1991 agus is cúis dhíoma í gur cailleadh 887 bpost sa bhliain sin — rud a d'fhág glanmhéadú de 10 bpost a bhí ann ag deireadh 1991 i gcomparáid le deireadh 1990. Bhí an cúlú eacnamaíochta domhanda agus na deacrachtaí móra trádála a d'eascair as sin do chomhlachtaí Gaeltachta ina gcuid margaí baile agus thar lear ina chúis mhór do na torthaí fostaíochta mífhábhracha sin.
Leanfar go dícheallach leis na hiarrachtaí a bhíonn ar siúl ag an Údarás d'fhonn an ghlanfhostaíocht i dtionscail faoina scáth a chaomhnú agus a mhéadú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus ar an gcostas is lú is féidir don Stát.
Comment on this
An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl costas an deich bpost breise a cruthaíodh sa Ghaeltacht anuraidh?
Comment on this
Ní féidir liom figiúr dearfa a thabhairt don Teachta, ach sa bhliain 1991 bhí deontas caipitil de £11,600 ar fáil. Maidir le hairleacan, bhí £6.45 mhilliún ar fáil acu, ach ní féidir comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin. Tá cuid den airgead sin á chaitheamh ar fhoirgnimh a thógáil le haghaidh 1992 agus 1993 agus beidh na jabanna sin ann sna blianta sin nó ina dhiaidh sin. Ní féidir linn a bheith bródúil os rud é nár cruthaíodh ach glanmhéadú de dheich bpost. Caithfear a chur san áireamh, áfach, gur cruthaíodh 897 bpost agus ní ceart a rá gur caitheadh an oiread sin airgid ar deich bpost. Ba cheart freisin a chur san áireamh gur 600 post an sprioc a bhí againn. Tá an fhadhb chéanna ag an Údarás Forbartha Tionscail sa tír seo agus ag go leor eagraíochtaí eile ar fud an domhain atá ag plé leis na cúrsaí seo.
Comment on this
An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh tionsclaíochta sa Ghaeltacht? An bhfuil aon phleananna aige cúram tionsclaíochta an Údaráis a aistriú go dtí údarás Stáit eile?
Comment on this
Ní dóigh liom gur féidir le duine ar bith againn a rá — má táimid réadúil agus freagrach — go bhfuilimid sásta, agus ní bheimid sásta go dtí go mbíonn jab ag gach uile dhuine sa Ghaeltacht. Tá an cúlú eacamaíochta ag cur isteach ar gach tír, ach, mar sin féin, cruthaíodh 897 bpost sa Ghaeltacht anuraidh. Maidir le cúram an Údaráis a aistriú d'eagraíocht eile, ní éiríonn an cheist sin ar chor ar bith.