Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Departmental Legislation.
12 Mr. J. Higgins asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details in respect of his Department of (a) the legislation promised in the Oireachtas since 1989 and (b) the legislation introduced to the Oireachtas; and if he will make a statement on the matter.
Comment on this
Ritheadh an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989, sa bhliain sin chun an uasteorainn d'airleacain ón bPríomhChiste faoi alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a mhéadú ó £60 milliún go £80 milliún. Níor gealladh agus níor tugadh isteach san Oireachtas aon Bhillí eile ó 1989 i leith.
Comment on this
Murar miste leat é, an bhféadfainn a fhiafraí den Aire cad iad na gealltanais a tugadh sa tréimhse sin nár comhlíonadh. Sin í an cheist.
Comment on this
De réir an fhreagra sin ní dhearnadh aon ghealltanas agus i gcónaí bhí Roinn na Gaeltachta ag déanamh beart de réir a mbriathair.
Comment on this
Ar ndóigh, níor luaigh an freagra gealltanas ar bith mar níor oir sé don Aire gealltanas ar bith a lua. Ach beidh mé ag faire go géar lena fháil amach an mbeidh an freagra céanna á thabhairt aige ar Cheist Uimh. 18, mar cuirfidh sé sin roinnt eile solais ar an gceist seo. Tá gealltanais a tugadh ag an Roinn nár comhlíonadh sa Dáil.
Comment on this
Ní raibh an Teachta ag éisteacht liom mar dúirt mé go pras, "níor gealladh"; sin na focail atá anseo agus sin na focail gur bhain mise úsáid astu.
Comment on this
Nach fíor gur thug an Rialtas gealltanas maidir le seirbhís teilifíse Ghaeltachta agus, mar sin, nach bhfuil gá le Bille chun an tseirbhís sin a chur ar bun.