We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé deontas breise d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta le haghaidh foilseachán agus téipeanna.

Comment on this

Tá deontas de £25,000 ceadaithe ag mo Roinnse don eagraíocht seo don bhliain 1991-92. Bhí foilseacháin san áireamh sa chlár-oibre a cuireadh faoi bhráid na Roinne sular cinneadh ar an deontas sin agus níl sé i gceist agam cur leis an deontas atá ceadaithe.

Comment on this

Nach fíor é nach bhfuil de dheontas ag an eagraíocht seo ach £25,000 le haghaidh riaracháin agus go bhfuil gá le hairgead le haghaidh foilseachán, téipeanna, agus rudaí eile mar sin, ionas go mbeidh an eagraíocht in ann a gcuspóir a chur i gcrích agus dul ar aghaidh lena gcuid oibre.

Comment on this

Aontaím leis an Teachta. Dá mba rud é go raibh an t-airgead agam bheadh sé acu, níl aon dabht faoi sin. Níl a fhios agam an bhfuil sé dlite gur airgead i gcóir riaracháin atá i gceist agus sin an méid. Is eol dom go bhfuil cúnamh faighte acu ó 1987 to 1989 — £30,000, £25,000, £25,000 agus, i mbliana, mar a dúirt mé cheana, £25,000. Dá mba rud é go raibh níos mó agam thabharfainn dóibh é.

Comment on this

An ndearna an eagraíocht aon iarratas faoi leith maidir le hairgead breise i gcóir foilseachán agus mar sin de?

Comment on this

De réir na nótaí atá agamsa, fuarthas iarratas trí bliana ó shin, mí Feabhra, 1989, ó Ghaeil Uladh, eagraíocht a bhí ag feidhmiú i nDún na nGall, le cuspóirí cosúil leo siúd atá ag Eagraíocht na Scoileanna Ghaeltachta agus ceadaíodh deontas £10,000 dóibh do bhliain amháin mí na Nollag, 1989, ionas go mbeadh spór acu. Dúradh leo ag an am sin go raibh coinníoll ann go mbeadh na cúrsaí seo faoi chúram eagraíochta amháin Ghaeltachta ó 1990 ar aghaidh. Is dóigh liom go bhfuil siad i gcomhpháirt lena chéile anois. Tá a fhios agam gur foilsíodh roinnt mhaith de leabhair scoile ag an dream sin i nDún an nGall. Tá an eagraíocht, mar sin, ag iarraidh cúnamh ar leith a fháil i leith siúd.

Comment on this