Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Additional Powers for Údarás na Gaeltachta.
16 Mr. M. Higgins asked the Minister for the Gaeltacht if he proposes to introduce amending legislation to grant additional powers to Údarás na Gaeltachta.
Comment on this
Faoi alt a 9 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, is féidir, chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair, cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás le hordú ón Rialtais. Níl gá leis an Acht a leasú chun é sin a dhéanamh. Sula bhféadfaí iarratas ar aon chumhacht bhreise ar leith a chur faoi bhráid an Rialtais, bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tÚdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoi alt a 9 den Acht.
Comment on this
An aontódh an tAire go bhfuil na coinníollacha, ó thaobh fhorbairt eacnamaíochta agus fostaíochta de, athraithe go mór ón am a cuireadh an bun-Acht i bhfeidhm i 1979. Agus an aontódh sé liom go mbeadh ciall le cúr- aimí nua a thabhairt don Údarás, mar shampla, bunseirbhís agus infrastruchtúir a chur ar fáil.
Comment on this
Mar a dúirt mé, bheadh an dualgas ansin ar an Údarás é sin a chur faoi mo bhráid, iarratas a chur isteach agus na hargóintí agus chuile rud a shoil- éiriú domsa.
Comment on this
An eol don Tánaiste gur dhúradh ar Raidió na Gaeltachta, ag duine de na baill a ainmníodh dhá bhliain ó shin, go raibh meamram curtha ar aghaidh ag an Údarás go dtí an Roinn ag iarraidh cumhachtaí nua? An bhfuil sé a rá anois go foirmeálta nach bhfuil aon mheamram ná achainí faighte ag an Roinn nó ag an Aire chun na cumhachtaí a leathnú?
Comment on this
Dúirt an Teachta gur tharla sé sin cúpla bliain ó shin, gur bhall den Údarás a dúirt go raibh iarratas curtha isteach chuig an Roinn. Déanfaidh mé fiosrú faoin scéal mar sin agus cuirfidh mé in iúl don Teachta.
Comment on this
Dá mba rud é go raibh an ainilís déanta ag an Tánaiste agus dá mba rud é go raibh sé fíor go raibh achainí ag teacht go dtí an Roinn agus go dtí an tAire, cad é an dearcadh pearsanta a bheadh aige féin? An mbeadh sé i bhfabhar cumhachtaí breise a thabhairt?
Comment on this
Is trua liom gur chuir an Teachta an cheist sin orm, mar ba chóir go mbeadh a fhios aige, ó thaobh na fealsúnachta gurb eol dó atá agam, go mbeinn báúil leis.