Údarás Role on County Enterprise Boards
The Minister said Údarás na Gaeltachta would work with relevant county enterprise boards and have representation where it had an important role. Community organisations’ participation in board appointments was still being discussed, with no final arrangements confirmed.
d'Aire na Gaeltachta cad é go díreach an ról a bheidh ag Údarás na Gaeltachta sna Boird Pháirtíochta Fiontraíochta Contae atá á mbunú faoi láthair.
Comment on this
Leanfaidh Údarás na Gaeltachta leis an obair atá ar siúl aige ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil dá muintir inti.
Beidh nasc idir Údarás na Gaeltachta agus na Boird Fhiontair Chontae i ngach contae cuí d'fhonn deiseanna forbartha agus fostaíochta breise a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, beidh ionadaíocht ag an Údarás ag leibhéal an bhoird nó ag leibhéal fochoiste i gcásanna ina mbeidh ról tábhachtach ag an eagraíocht. Mar shampla, tá ionadaí de bhainistíocht an Údaráis ar an mBord Fiontair Contae do Chontae agus Cathair na Gaillimhe a bunaíodh le fíordhéanaí.
Comment on this
An leanfar den nós céanna ceapacháin sna ceantair Ghaeltachta eile agus a leanadh nuair a ceapadh na baill den Bhord Fiontair Chontae i nGaillimh? An mbeidh sé de cheart ag ionad pobail agus coistí forbartha Ghaeltachta daoine a ainmniú le dul ar an bhord contae?
Comment on this
Maidir leis na contaetha eile atá laistigh den Ghaeltacht, mar shampla, Contae Dhún na nGall, Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh, beidh baill ar an bhord fiontar chontae dála chás Chontae na Gaillimhe. Maidir leis an cheist eile, a cuireadh orm cheana féin, tá mo Roinnse i gcomhairle le Roinn an Taoiseach chun a chinntiú go mbeidh deis ag na comharchumainn nó eagraíochtaí eile sa Ghaeltacht bheith páirteach in aon chruinniú a bheidh ann chun baill a thoghadh ar an bhord seo.
Comment on this
An raibh sé de cheart nó de chead ag na boird fhorbartha agus na coistí pobail sa Ghaeltacht i nGaillimh teacht le chéile agus cur leis an trí baill ó na coistí pobail i gContae na Gaillimhe a cuireadh ar an bhord. An raibh sé de cheart ag muintir na Gaeltachta é a dhéanamh chomh maith leis an limistéar i nGaillimh nach bhfuil sa Ghaeltacht? Tuigim nach raibh.