We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Áiteanna sna Coláistí Oideachais.

Gaeltacht Places in Teacher Training Colleges

Summary

McGinley warns that fewer Gaeltacht students admitted to teacher-training colleges could harm Irish in Gaeltacht areas and nationally. Wilson says the Education Department will review the admissions system with his department’s input, and hopes places for Gaeltacht students will continue.

d'Aire na Gaeltachta an ndearna sé aon teagmháil leis an Aire Oideachais maidir leis an ísliú tubaisteach ar an líon daltaí sa Ghaeltacht ar glacadh leo sna coláistí oiliúna múinteoireachta i mbliana; agus an bhfuil imní air faoin tionchar a bheidh ag an pholasaí seo ar thodhchaí na Gaeltachta.

Comment on this

Bíonn mo Roinnse agus an Roinn Oideachais i dteagmháil lena chéile go tráthrialta maidir le cúrsaí na Gaeilge sa chóras oideachais. Sa chás áirithe seo tuigim go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar an gcóras faoina mbaineann daltaí Ghaeltachta áiteanna amach sna coláistí oideachais agus beidh ról ag mo Roinnse ins an athbhreithniú sin.

Comment on this

An aontóidh an tAire go raibh áit lárnach i gcónaí ag an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus gur chéim mhór chun cúil a bheadh ann mura mbeadh áit do dhaltaí Ghaeltachta sna coláistí oiliúna, agus go ndéanfadh sé dochar mór don Ghaeilge sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre mura leanfaí leis an nós a bhí ann go dtí seo.

Comment on this

Aontaím go hiomlán leis an Teachta sa mhéid a dúirt sé, agus tá súil agam go leanfaidh an Roinn Oideachais leis an nós áiteanna a chur ar fáil do dhaltaí na nGaeltachtaí éagsúla sna coláistí oideachais. Tá súil agam go mbeadh sé sin amhlaidh. Tá a fhios agam go bhfuil an rún sin ag an Aire Oideachais freisin.

Comment on this