We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Feabhsucháin Gaeltachta.

Review of Gaeltacht improvement schemes

Summary

The Minister is broadly satisfied with the schemes, noting an 80% increase in funding, while continuing to examine ways to make them more effective.

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige scrúdú a dhéanamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta faoi fhotheideal F, maidir lena n-éifeacht i gcoitinne agus na coinníollacha faoina gceadaítear iad; nó an bhfuil sé sásta go hiomlán leo faoi mar atáid.

Comment on this
Pat the Cope Gallagher Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta (Mr. Gallagher Fianna Fáil

, Donegal South-West): Faoi mar atá léirithe i Leabhar na Meastacháin, tá soláthar de £2.96 milliún ar fáil i mbliana chun freastal ar na scéimeanna sin. Sin méadú de 80 faoin gcéad ar an tsuim a caitheadh ar na scéimeanna sin anuraidh.

Tríd is tríd, táim sásta go bhfuil antairbhe á baint ag an Ghaeltacht as na scéimeanna feabhsúcháin atá á reachtáil ag mo Roinnse ach tá scrudú leanúnach ar siúl againn féachaint an féidir na scéimeanna a dhéanamh níos éifeachtaí.

Comment on this