Dáil
Written Answers. - Comharchumann Gaeltachta.
38 D'fhiafraigh Mr. Lenihan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad comharchumann atá ann ar íocadh airgead aon-uaire leo i 1995 agus an luafaidh sé ainmenacha na gComharchumann. [15880/95]
Comment on this
Donal Carey Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey) Fine Gael
D'íoc mo Roinnse cúnamh aon-uaire le comharchumann Gaeltachta amháin i mbliana, i.e., le Comharchumann Inis Meáin Teo, Inis Meáin, Árainn, mar chabhair chun plean tarrthála a chur i gcrích.