We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Bille Teanga.

Gerard Collins Mr. Collins Question Fianna Fáil

60 D'fhiafraigh Mr. Collins den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige Bille Teanga a thabhairt faoi bhráid an Oireachtais le cearta teanga a chosaint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17620/96]

Comment on this
Michael D. Higgins Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Labour Party

Glacaim leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná Bille Teanga a bheadh dírithe ar chearta teanga lucht úsáidte na Gaeilge a chosaint.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 38 ar 28 Samhain 1995 uaidh tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach.

Tá sé de cheart ag saoránaigh gnó a dhéanamh le h-eagrais Stáit trí Ghaeilge nó trí Bhéarla de réir mar a roghnaíonn siad. Ní mór go mbeadh seirbhísí á dtairiscint agus ar fáil gan cheist i nGaeilge chomh maith le Béarla agus go bhfeicfeadh an pobal go bhfuil fáilte roimh aon saoránach a roghnaíonn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Comment on this