Written Answers - Údarás na Gaeltachta.
25 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na socruithe atá déanta aige le hÚdarás na Gaeltachta maidir le haistriú cúram na gComharchumann go dtí an tÚdarás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20989/96]
Comment on this
28 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige fós cúram na gComharchumann Gaeltachta a aistriú óna Roinn go dtí Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20980/96]
Comment on this
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 25 agus Uimh. 28 le chéile.
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 9 ar 8 Bealtaine 1996 socraíodh níos luaithe i mbliana, ar mhaithe le dúbailt a sheachaint agus ar mhaithe le dea-riarachán, cúram na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i leith na gcomharchumann Gaeltachta a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta le héifeacht ó 1 Eanáir 1997. Chuir bainisteoirí comharchumann áirithe in iúl ag an am nach raibh siad sásta lena raibh beartaithe agus bhí cruinniú ag an Aire le hionadaithe Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta ar 20 Meitheamh chun deis a thabhairt dóibh a gcás i gcoinne a bhfuil beartaithe a chur in iúl.