We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Saothrú na hOidhreachta sna Gaeltachtaí.

17 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a chuirfear i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh béim níos mó ar shaothrú na hoidhreachta agus cultúr na teanga sna Gaeltachtaí i gcothú fostaíochta agus i neartú na bpobal a labhraíonn Gaeilge mar nasc cultúir agus sóisialta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4704/97]

Comment on this
Michael D. Higgins Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Labour Party

Tá treo láidir dearfach á ghlacadh ag Údarás na Gaeltachta maidir le tionscadail atá bunaithe ar an oidhreacht, ar an teanga agus ar an gcultúr i gcothú fostaíochta agus i neartú na bpobal Gaeltachta. Tríd is tríd is é aidhm straitéis an Údaráis ó thaobh forbairt na Gaeltachta de ná pobail fhéinmhuiníneacha inmharthana a chruthú trí shainiúlacht chultúr na Gaeltachta a chomhtháthú isteach i dtionscnaimh i réimsí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha.

Is iad na bunchritéir atá ag an Údarás sa chur chuige sin ná a chuid fheidhmeanna faoi na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, áit a dtugtar tosaíocht ar leith do chaomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht agus d'fhorbairt na Gaeltachta ó thaobh cultúir de.

Comment on this