We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Thomas Gildea Mr. Gildea Question Independent

305 D'fhiafraigh Mr. Gildea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an míneoidh sí cén fáth ar ceadaíodh d'Údarás na Gaeltachta iascach chuan Theilinn a thabhairt ar ceadúnas do Chomhlucht Iascaireachta Shliabh Liag Teo. ar an 26 Feabhra 1993, nuair a aontaíonn Coiste Paróiste Chill Chartha, Coiste Paróiste Ghleann Cholm Cille agus Údarás na Gaeltachta iad féin nach raibh; agus nach bhfuil tacaíocht thromlach mhuintir na háite ag Comhlucht Iascaireachta Shliabh Liag Teo. [6062/99]

Comment on this
Éamon Ó Cuív Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands Fianna Fáil

Is bord neamphspleách reachtiúil é Údarás na Gaeltachta agus ba ghnó don Údarás féin é cinneadh a dhéanamh maidir le léas ar Iascaireacht Theilinn a thabhairt do Chomhlacht Iascaireachta Shliabh aLiag agus níor ghá agus níor lorgaíodh cead an Aire chuige sin.

Tá mé ar an eolas faoi na deacrachtaí áitiúla, ar gnó don Údarás iad, maidir leis an Iascaireacht agus tuigim go bhfuil tosaíocht nua idir lámha faoi láthair dfhonn réiteach sásúil a fháil ar an bhfadhb.

Comment on this