We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Priority Questions. - An Bille Teanga.

Dinny McGinley Mr. McGinley Question Fine Gael

11 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an méid ullmhúcháin atá déanta ar an mBille Teanga go dtí seo, cén uair atá sí ag súil go bhfoilseofár an Bille agus an mbeidh sé ina reachtaíocht roimh dheireadh na Dála seo. [6957/02]

Comment on this
Mary Coughlan Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Ms Coughlan) Fianna Fáil

Mar is eol don Teachta ghlac an Rialtas le Scéim Ghinearálta an Bhille Comhionannas um Theangacha Oifigiúla i mí Meitheamh 2001 agus iarradh ar Oifig an Dréachtóra Parlaiminte téacs an Bhille a dhréachtú mar ábhar práinne. Bhíothas ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille go luath i mbliana. Is léir, ámh, ó chlár reachtaíochta an Rialtais a foillsíodh an mhí seo caite go bhfuil an-bhrú ar Oifig an Dréachtóra Parlaiminte ó thaobh chur i gcló Billí go gcaithfear iad a fhoilsiú roimh Cháisc. I ngeall ar seo, tá socrú ar leith déanta ag an Ard-Aighne go gcuirfidh iar-bhall de Oifig an Dréachtóra téacs an Bhille i riocht mar ábhar práinne.

Tá áthas orm, mar sin, a chur in iúl go bhfuil téacs an Bhille á dhréachtú faoi láthair agus go bhfuil súil agam go bhfoilseofar í le linn an séisiúin Dála seo.

Comment on this

An aontódh an t-Aire Stáit go bhfuil dearcadh coitianta ag pobal na Gaeilge nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi Bhille na Gaeilge? Tá sé geallta le cúig bhliain agus, nuair nach bhfuil fágtha ach cúpla lá sa Dáil, níl an Bille feicthe againn fós. Tá sé geallta ag an Aire Stáit agus an Aire Stáit a bhí ann roimpi mí i ndiaidh míosa agus bliain i ndiaidh bliana agus níl sé feicthe go fóill. An féidir leis an Aire Stáit a rá cén uair a bheidh an Bille ar fáil? An mbeidh sé ina reachtaíocht sula a bhfaighfidh an Dáil bás? Sin an t-eolas atá á lorg ag muintir na Gaeilge agus againn inniu. Cén uair a bheidh an Bille ar fáil agus an mbeidh sé ina reachtaíocht roimh deireadh na Dála?

Comment on this

Ní aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta. Bhí seans ag Fine Gael é seo a dhéanamh nuair a bhí siad i Rialtas ach ní dhearna siad tada faoi.

Comment on this

Ní raibh sé geallta againn.

Comment on this

Ní raibh. Sin í an fhadhb is mó a bhí acu. Cén fáth nach raibh sé geallta acu? Nach raibh siad dáiríre faoin Bhille a chur i bhfeidhm?

Comment on this

Bliain amháin atá ag teastáil uainn.

Comment on this

An rud is tábhachtaí ná go bhfuil sé geallta againn agus beidh sé sin déanta agam. Mar is eol don Teachta McGinley, gheall an Rialtas go mbeadh an Bille ann. Bhí na "heads" ós comhair an Rialtais an bhliain seo caite. Mar a dúirt mé, bhí brú millteanach ag teacht ar na dréachtóirí parlaiminte. Sin é an fáth go bhfuil an Rialtas chomh h-ionraic faoin méid atá le déanamh againn. Sin é an fáth go bhfuair mé agus an t-Aire cead ón Ard Aighne agus ón Taoiseach dul taobh amuigh de na dréachtóirí parlaiminte chun an Bille a fháil réidh. Tá dréacht an Bhille againn.

Comment on this

(Carlow-Kilkenny): Geallúint agus geallúint eile.

Comment on this

Tá oifigigh na Roinne ag amharc air ag an nóiméad. Tá sé mar aidhm agam agus ag an Aire, an Teachta de Valera, go mbeidh sé ós comhair an Rialtais chun é a ghealladh roimh an Cháisc. Níl fhios agam cén t-am go mbeimid ag lorg vótaí agus níl mé in ann a rá an mbeidh an Bille ina reachtaíocht roimh dheireadh – ní bás – na Dála seo. Tá mé ag déanamh gach iarracht go mbeidh sé foilsithe agus, má bheidh seans agam é a chur ós comhair na Dála agus an tSeanaid, déanfaidh mé é sin.

Comment on this

Sílim ón méid a bhí le rá ag an Aire Stáit go bhfuil sé thar a bheith soiléir nach mbeidh an Bille le feiceáil roimh dheireadh na Dála agus is cinnte nach mbeidh sé ina reachtaíocht. Níl ann ach seift polaitíochta agus gheobhaidh an Bille bás nuair a gheobhaidh an Dáil bás. Sin é an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit.

An aontódh an t-Aire Stáit, chun tosaíocht agus práinneacht a thabhairt don Bhille, nár chomhair di é a chur amach nó "sub-letting" a dhéanamh air agus duine éigin eile taobh amuigh de na dréachtóirí parlaiminte a úsáid, ach go mba chomhair go mbéadh sé dréachtaithe ag na dréachtóirí parlaiminte? An aontódh sí nach bhfuil gá é a chur amach agus, dá mba rud é nach ndearnadh sí é sin, go mbéadh an Bille réidh blianta ó shin?

Ní shílim go bhfuil an Rialtas dáiríre. Dá mba rud é go raibh sé ar intinn aige é a thabhairt isteach, bhéadh sé déanta fadó. An aontódh an t-Aire Stáit go bhfuil deacrachtaí ag an Rialtas go fóill maidir leis an reachtaíocht speisialta seo?

Comment on this

Níl deacracht ar bith ag an Rialtas. Caithfidh mé é sin a rá mar níl mé sásta éisteacht le daoine ag rá nach bhfuilimid dáiríre agus nach bhfuil an Rialtas d'aon ghuth faoin Bhille, rud atá sé.

Comment on this

(Carlow-Kilkenny): Níor dhein sé tada.

Comment on this

Cé nach mbeidh mé in ann dul ar aghaidh agus an Bille a chur ós comhair na Dála nó an tSeanaid, má bheimid ar ais arís, déanfaidh mé sin.

Comment on this

Ní chóir don Aire Stáit bheith ró-chinnte.

Comment on this

Beidh níos mó déanta againne ná ag Teachtaí an Fhreasúra faoin mBille seo.

Comment on this

(Carlow-Kilkenny): Tá athbheochan na Gaeilge ag dul ar aghaidh.

Comment on this

An duine atá ceapaithe, is iar-dréachtóir parlaiminte agus níl aon deacracht dul ar aghaidh leis an mBille. Nuair a bheidh an Bille ós ár gcomhair, beidh na Teachtaí thar a bheith sásta leis agus leis an méid atá déanta agus gur éisteamar le go leor daoine ar feadh na mblianta.

Comment on this

(Carlow-Kilkenny): Cluasaí móra.

Comment on this

Ní rabhamar bodhar ar chor ar bith. Beidh an Bille os ár gcomhair go luath.

Comment on this