Other Questions. - Coimisiún na Gaeilge.
19 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an staid ag a bhfuil tuairisc Choimisiúin na Gaeilge faoi láthair agus cén uair atá sí ag súil go bhfoilseofar an tuairisc. [6869/02]
Comment on this
Tuigim ó Rúnaí an Choimisiúin go bhfuil sé mar sprioc ag an gcoimisiún a thuarascáil a chur faoi mo bhráid roimh dheireadh mhí na Márta 2002. A luaithe is a bheidh an tuarascáil faighte, tá sé i gceist agamsa cead an Rialtais a lorg í a fhoilsiú.
Comment on this
An féidir linn a bheith ag súil go bhfoilseofar an tuarascáil ansin má tá sé le bheith os comhair an Aire Stáit roimh dheireadh mhí na Márta? Tá suim mhór sa tuairisc seo ar fud na tíre. Chuaigh an coimisiún ar fud na tíre agus ar fud na Gaeltachta. Rinne go leor daoine cur i láthair. An mbeidh sé ar fáil go poiblí do na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre?
Comment on this
Mar a dúirt mé sa bhfreagra, má bhíonn cead agam ón Rialtas é a fhoilsiú, déanfaidh mé é sin go luath. Is tuarascáil Rialtais a bheidh ann agus ní tuarascáil na Roinne. Is é an moladh a bheidh agam don Rialtas ná é a fhoilsiú agus déanfaidh mé é sin má gheobhaidh mé an cead.
Comment on this
(Carlow-Kilkenny): An bhfuil náire ar an Aire Stáit go bhfuil gach rud ag teacht amach díreach roimh dheireadh na Dála seo? Ní bheidh maitheas ar bith sna rudaí seo mar ní bheidh siad os ár gcomhair. Cén fáth go bhfuil an Rialtas chomh mall is atá sé?
Comment on this
Níl náire ar bith ormsa. Tuigim ó rúnaí an choimisiúin gur phlean cuimsitheach atá i gceist anseo, plean é do na blianta atá romhainn. Beidh mise thar a bheith sásta nuair a bheidh sé os ár gcomhair. B'fhéidir go mbeidh an Teachta éirithe as oifig ach beidh deis aige casadh le pé Aire a bheidh ann agus tuairimí a chur os a chomhair cuma an mbeidh sé in a Theachta Dála nó nach mbeidh.
Comment on this
Cé chomh luath is a fhoilseofar an tuarascáil má bheidh cead ón Rialtas ar fáil agus tá mé ag súil go mbeidh? An ndéanfaidh an tuarascáil tagairt d'obair Údarás na Gaeltachta agus do thionchar Údarás na Gaeltachta ar shláinte na Gaeilge sna Gaeltachtaí?
Comment on this
Ní féidir liomsa a rá go fóill cad a bheidh sa tuarascáil. Im' thuairim beidh gach rud a lua an Teachta ann. Má bheidh cead agam ón Rialtas déanfaidh mé é a fhoilsiú chomh luath agus is féidir leis na clódóirí é a dhéanamh.
Comment on this
An bhfuil aon seans ann go bhfoilseofar an Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla agus an tuarascáil seo ar an lá céanna? Chuirfeadh sé an-bhéim ar chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta dá bhféadfaí sin a dhéanamh. De réir mar is eol don Aire Stáit ní bheidh an tuarascáil seo aici go dtí deireadh mhí Márta ar a luaithe agus mar a tharlaíonn sa tír seo is annamh a thagann tuarascáil amach ar an sprioc lá. Chun na fírinne a insint ní bheidh an Bille nó an tuarascáil seo foilsithe roimh dheireadh saoil an Rialtais seo. Sin díreach a thógaimse ón méid atá ráite ag an Aire Stáit inniu.
Comment on this
Tá sé mar aidhm agam go mbeidh an Bille os bhur gcomhair roimh an Cháisc agus tuigim go mbeidh an Cháisc ag tús mhí Aibreáin. Tuigim go mbeidh an Bille againn níos luaithe ná tuarascáil an choimisiúin. Ach sílim go bhfuil an tuarascáil beagnach réidh agus dá bhrí sin b'fhéidir go mbeidh sé againn roimh dheireadh mhí Márta.
Comment on this
(Carlow-Kilkenny): An bhfuil an tAirt Stáit cinnte go mbeidh an Dáil ag filleadh i ndiaidh na Cásca?