We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. ›

Caiteachas Ranna.

Donal Moynihan Mr. D. Moynihan Question Fianna Fáil

198 D’fhiafraigh Mr. D. Moynihan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad caiteachais a ceadaíodh faoi Scéim na mBóithre Áise sna ceantair Ghaeltachta i gCo. Chorcaí ó 2002 go deireadh na bliana 2006, an aontaíonn sé go bhfuil gá a leithéid de scéim a choinneáil i bhfeidhm amach anseo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8108/07]

Comment on this
Éamon Ó Cuív Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs Fianna Fáil

Léirítear sa tábla leis seo líon agus luach na mbóithre a ceadaíodh i gCorcaí ó 2002 go 2006.

Feictear dom go bhfuil obair shuntasach ar mhaithe le muintir na Gaeltachta curtha i gcrích thar na blianta faoi Scéim na mBóithre Áise agus bheadh súil agam go leanfar leis sin amach anseo, ach soláthar airgeadais dóthaineach a bheith ar fáil do mo Roinnse.

Comment on this