We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. ›

Scéim Torthaí

534 D’fhiafraigh An Teachta Trevor Sargent den Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cad é an dul chun cinn atá déanta in Éirinn maidir leis an scéim €90 milliún ón Aontas Eorpach lena spreagtar leanaí scoile chun bia úr, go mór mór glasraí agus torthaí, a ithe de bharr go bhfuil timpeall 22 milliún leanbh san AE ró-throm de réir tuairiscí. [39083/10]

Comment on this
Brendan Smith An tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia Fianna Fáil

Cuireadh tús le Scéim Torthaí sna Scoileanna an AE i Meán Fómhair 2009. Reáchtáiltear an scéim i gcomhar leis an Scéim ‘Food Dude' in Éirinn. Tá an-rath ar an scéim sin atá á feidhmiú ag Bord Bia thar ceann mo Roinne ar mhaithe le tuairimí a athrú agus páistí bunscoile a spreagadh chun níos mó torthaí agus glasraí a ithe.

Sa scoilbhliain 2009/2010, ghlac 386 bunscoil agus 54,567 dalta páirt sa Scéim Torthaí sna Scoileanna/Food Dude agus fuarthas maoiniú €475,422.65 ón AE agus €2 milliún ó mo Roinn. Léiríodh i suirbhé neamhspleách inar ghlac tuismitheoirí agus múinteoirí páirt go raibh an-mheas ag tuismitheoirí, ag múinteoirí agus ag daltaí ar an scéim.

Sainaithníodh Food Dude i dTuarascáil an Tascfhórsa um Otracht mar chur chuige ar bhonn fianaise chun dul i ngleic leis an otracht.

Comment on this