Written Answers. ›
Aerfoirt Réigiúnacha
192 D’fhiafraigh Deputy Arthur Morgan den Aire Iompair cad atá beartaithe ag an Aire Iompair a dhéanamh maidir le conradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) don tseirbhís aeir ó Aerfort Réigiúnach Dhún na nGall go Baile Átha Cliath nuair a thagann deireadh leis an gconradh reatha i mí Aibreán 2011 [42322/10]
Comment on this
Beidh críoch á chur leis na Conarthaí Oibleagáide Reatha i gComhair Seirbhíse Poiblí don tseirbhís aeir ó Aerfoirt Réigiúnacha ar 21 Iúil 2011.
Tá an t-Athbhreithniú um luach ar airgead ar chaitheachas ón státchiste ar aerphoirt réigiúnacha, Scéim Oibleagáide i gComhair Seirbhíse Poiblí curtha san áireamh, ar tugadh chun críche le gairid, faoi bhráid an Rialtais i láthair na huaire.
Táthar ag súil, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe, le cinnidh a bheith á dhéanamh maidir le caiteachas ar aerphoirt réigiúnacha amach anseo mar chuid de phróiséas na Meastacháin agus na Cáinfháisnéise.