We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. ›

Údarás na Gaeltachta

309 D’fhiafraigh Deputy Arthur Morgan den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad iad na foirgnimh agus na tailte i nDún na nGall a chuir Údarás na Gaeltachta ar an mhargadh lena ndíol ó 2006 i leith; cad iad na cinn a díoladh agus cén praghas a fuarthas agus cad atá beartaithe a dhéanamh anois leis na cinn nár díoladh. [42320/10]

Comment on this
Pat Carey Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs Fianna Fáil

Léirítear sa tábla thíos na sonraí atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an mhaoin atá díolta ag an eagraíocht i gCo Dhún na nGall ó 2006 i leith. Tuigtear dom ón Údarás go bhfuarthas luacháil neamhspleách i ndáil le gach idirbheart maoine atá luaite sa tábla.

Comhairlítear dom nár cuireadh aon díolachán maoine i gCo Dhún na nGall i gcrích i 2010 go dáta, cé go dtuigtear ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil cúpla cás idir lámha a d'fhéadfadh a bheith curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana.

Tuigtear dom chomh maith ón Údarás go raibh dhá phíosa talaimh eile fógartha le díol ar an margadh oscailte ó 2008 i leith ach nár díoladh iad de bharr go raibh na tairiscintí a bhfuarthas ró-íseal. Is i mBaile na Finne (talamh portaigh 9.6 acra) agus i ngaireacht do Na Gleanntaí (suíomh 4 acra) atá na suíomhanna seo. Tá sé curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil sé i gceist na suíomhanna atá i gceist a choinneáil faoi láthair agus, mar an gcéanna le maoin eile na heagraíochta, go ndéanfar athbhreithniú go tráthrialta ar na féidearthachtaí a bhaineann leo.

Nóta: Díoladh na monarchana a luaitear le tionóntaithe a bhí sna foirgnimh cheana.

Comment on this