Written Answers. ›
Seirbhísí Trí Ghaeilge
47 D’fhiafraigh Deputy Jan O’Sullivan den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil go leor oifigeach ar fáil sa Státseirbhís a bhfuil a ndóthain Gaeilge acu lena gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na teanga sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46058/10]
Comment on this
I dtús báire, ba mhaith liom a rá go n-aithním an dúshlán mór a bhaineann le dóthain oifigeach le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí go ginearálta le seirbhísí a sholáthar sa teanga sin. Ar ndóigh, mar is eol don Teachta, thagair an Coimisinéir Teanga do scála na faidhbe sin le gairid.
Ní miste a rá go bhfuil beartas leagtha amach ag an Rialtas le dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fhoilseofar go luath. Faoin mbeartas sin:
Ceapfaidh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí chun cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin de réir a chéile ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht san earnáil phoiblí.
Déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeán-bhunaithe neamhspleách d'inniúlacht Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Dearfar agus tairgfear Dioplóma Náisiúnta sa Dátheangachas agus i gCleachtas Teanga d'fhonn cuidiú le seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal i mBéarla agus i nGaeilge. Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le hoiliúint sa Ghaeilge a sholáthar d'oifigigh atá ag obair cheana féin sa státseirbhís agus a bhfuil fonn orthu forbairt a dhéanamh ar a gcumas Gaeilge le seirbhísí a sholáthar trí mheán na teanga sin don bpobal.
Tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an ‘scéim teanga' mar an lár-ionstraim trína soláthrófar seirbhísí dátheangacha an Stáit don bpobal. Sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d'eagraíochtaí a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh.