We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers. ›

Forbairt na Gaeilge

Brian O'Shea Deputy Brian O’Shea Question Labour Party

60 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir leictreonach Gaeilge/Béarla ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46057/10]

Comment on this
Pat Carey Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs Fianna Fáil

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh maidir leis an bhfoclóir leictreonach Béarla-Gaeilge.

Is é an staid reatha ná go bhfuil Céim a hAon — céim na Pleanála agus an Deartha — curtha i gcrích cheana féin mar aon le cuid de Chéim a Dó. Baineann Céim a Dó le tiomsú an fhoclóra féin agus tá trí fhochéim i gceist, eadhon:

Céim 2(a), a bhaineann le cur le chéile bunachar Béarla an fhoclóra i bhfoirm creataí iontrála — cuireadh an fhochéim sin i gcrích le gairid;

Céim 2(b), a bhaineann le taobh na Gaeilge den fhoclóir a sholáthar — cuireadh tús leis an bhfochéim seo i bhfómhar 2009 agus leanfaidh an obair ar aghaidh go ceann dhá bhliain; agus

Céim 2(c), céim na heagarthóireachta — cuirfear tús leis an bhfochéim sin ag tús 2011 agus meastar go leanfaidh an obair ar aghaidh go dtí an tríú ráithe den bhliain 2012.

Ach Céim a Dó a bheith curtha i gcrích, leanfar ar aghaidh ansin go dtí Céim a Trí, a bhaineann le táirgeadh an fhoclóra féin. Cheana féin, tá ráitis spéise iarrtha maidir leis an sonrú teicniúil ar an leagan leictreonach den fhoclóir. Mar sin, comhairlítear dom go bhfuiltear ag súil leis an leagan críochnúil den fhoclóir a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach ag deireadh na bliana 2012. Tá cur síos cuimsitheach ar an tionscadal iomlán le fáil ar an suíomh gréasáin, www.focloir.ie. Déantar nuashonrú rialta ar an suíomh sin agus, dá réir sin, bíonn teacht ag an bpobal ar an eolas is déanaí faoin tionscadal agus is féidir féachaint ar fhíorábhar an fhoclóra agus é á chur le chéile.

Is fiú dom a threisiú chomh maith go mbeidh mórchuid den obair a bhaineann leis an dtionscadal seo ina dúshraith luachmhar amach anseo le haghaidh tionscadail eile foclóireachta a bhfuil gá leo — foclóir nua Gaeilge-Béarla ach go háirithe.

Comment on this