We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers ›

Deontais Reáchtála

490 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an t-allúntas iomlán ina Roinn i mbliana le haghaidh deontais reáchtála do Chomharchumainn Ghaeltachta agus cén uair a íocfar na deontais leis na Comharchumainn [3599/11]

Comment on this
Pat Carey Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs Fianna Fáil

Tá soláthar airgid reatha de €3.3m curtha ar fáil ag mo Roinnse d'Údarás na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar fhorbairt teanga, cultúir agus pobail. Is as an soláthar seo a íocann an tÚdarás na deontais reáchtála leis na comharchumainn Ghaeltachta.

Tuigim ón Údarás nach bhfuil soláthar críochnúil do na comharchumainn socraithe fós ach go mbeidh litreacha tairisceana agus comhaontuithe deontas i leith na ndeontas reáchtála seo á n-eisiúint chuig na comharchumainn chomh luath agus is féidir. Íocfar an chéad tráthchuid den deontas reáchtála le gach comharchumann chomh luath agus atá na comhaontuithe deontas sínithe agus faighte ar ais ag an Údarás, ach na riachtanais eile a bheith in ord. Íocfar na tráthchodanna eile leis na comharchumainn le linn na bliana.

Comment on this