We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Leaders' Questions

Primary health centre selection criteria

Summary

Deputy Adams seeks transparency about criteria for locating two primary health centres in the Health Minister’s constituency. The Taoiseach cites the Government’s investment plan and says the Minister has already explained the conditions.

I welcome today's announcement regarding jobs in the Kerry Group. Cuirim fáilte roimh an scéal maith sin. Ach thar an deireadh seachtaine cinntíodh go raibh eolas ag an Taoiseach féin, agus ag an Tánaiste, faoi na hionaid sláinte a roghnaigh an t-Aire Sláinte, an Teachta James Reilly. Sin scéal an-dona.

The Taoiseach promised transparency and openness, but for the last three weeks Deputy Ó Caoláin and I, along with others in Sinn Féin, have been trying to find out the criteria for the Government's decision to put two primary health care centres in the constituency of the Minister for Health. Why has the Government refused to publish the criteria? Do citizens and the Dáil not have a right to this information?

At the end of the summer the plan to cut personal assistant services for citizens with disabilities was thwarted by these brave people and their supporters, but today the Government is considering whether to end disability allowance payments to those younger than 18 years of age. It is also cutting home help services by €8 million. These are the political choices the Government is making. It is taking crucial resources from vulnerable sectors and punishing families on low and middle incomes by saddling them with debts they did not create, even while it is giving €64 billion to the banks without transparency. Will the Taoiseach publish the criteria for the primary health care centre locations, and will he state clearly that young people will not be penalised in December's budget?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá mé thar a bheith buíoch don Teachta gur fháiltigh sé roimh an ráiteas a cuireadh amach ar maidin i dtaobh na bpost nua atá le cur ar fáil ag an gcomhlacht Kerry Group, ceann des na comhlachtaí is fearr ar domhan atá ag déanamh infheistíochta de suas le €100 milliún anseo in Éirinn. Beidh suas le 900 post nua le fáil agus beidh seans ag ógánaigh na hÉireann an chuid is mó des na poist sin a ghlacadh. Chomh maith le sin, cuirfear suas le 400 post ar fáil ag tógáil an ionaid nua seo.

Comment on this

Scéal maith é sin.

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá mé buíoch don Aire as ucht fáilte a chur roimh an ráiteas a chuireadh amach ag an gcomhlacht féin agus an cinneadh eacnamaíochta atá déanta ag an gcomhlacht. Dúirt sé freisin go raibh eolas agam féin agus ag an Tánaiste faoi plean maidir leis na hionaid sláinte. Tá a fhios ag an Teachta, mar tá seo ráite agam go minic anseo, gur ghlac an Rialtas ar fad leis an plean infheistíochta - suas le €2.5 billiún - a fuair lán tacaíochta ón Rialtas agus a fógraíodh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cúpla mí ó shin.

Tá na freagraí sin tugtha ag an Aire Sláinte anseo go minic. Séard a bhí i gceist leis na coinníollacha breise ná go mbeadh comórtas ann i dtreo agus go gcuirfear na hionaid sláinte ar fáil agus go mbeadh cabhair le fáil ó na dochtúirí, mar le blianta anuas, nuair a cuireadh ionaid mar seo ar fáil, níor ghlac cuid de na dochtúirí dul isteach iontu. Ní cóir go mbeadh caiteachas airgid phoiblí i leith na hionaid seo gan aontas ó dhochtúirí dul isteach iontu. Is cóir freisin go mbeadh iniúchadh déanta faoi líon na ndochtúirí i leith líon na ndaoine sa cheantar, ar chomh tábhachtach a mbeadh sé do na dochtúirí ag dul isteach iontu agus cé chomh éifeachtúil ó thaobh costais de a mbeadh sé dóibh.

Leagadh coinníollacha eile amach ag an Aire Sláinte ar nós: céard iad na hionaid leighis atá ar fáil faoi láthair in aon áit; céard iad na brúnna atá ar na seirbhísí atá le fáil, go mór mór iad siúd atá ar fáil sna hospidéil sa cheantar: an mbeadh sé níos fearr airgead a thabhairt go díreach ón Roinn Airgeadais d'ionad sláinte ar bith nó an mbeadh sé níos fearr dul isteach sa chóras PPP mar a cuireadh amach; agus céard iad na coinníollacha córa a mbeadh i gceist maidir le córas PPP a chur ar fáil ar dtús do na hionaid sláinte seo.

Labhair an Teachta faoi na liúntais do dhaoine atá deacracht acu. Is rud don bhuiséad é sin agus ní dhearnadh cinneadh ar bith faoi sin. Léigh mé ar an bpáipéar inniu faoi thuarascáil eile nár cuireadh ar fáil go fóill. Níl sé críochnaithe go fóill ná feicthe ag an Aire ná ag an Rialtas fós. Séard atá i gceist mar sin ná, ráflaí faoi chinneadh nach bhfuil déanta ar chor ar bith ag an Rialtas. Tá sé mar an gcéanna maidir le ráflaí faoi laghdú don chabhair atá ar fáil do dhaoine ina dtithe féin. Duine ar bith atá seirbhís ag teastáil uaithi ná uaidh, beidh sé ar fáil.

Comment on this

Sin freagra an-fhada, ach níl eolas ar bith ann. Chuir mé dhá cheist ar an Taoiseach, ach níor thug sé eolas ar bith dom. Nuair a bhí an tAire Sláinte anseo ag glacadh le ceisteanna, níor chuir sé eolas ar bith roimh an Dáil. Maidir leis na daoine óga, dúirt an Taoiseach nach bhfuil an buiséad réidh fós, ach d'fhéadfadh sé a rá go han-soiléir nach mbeidh sé ag glacadh airgid ó na daoine seo.

Maidir leis an méid adúirt an Taoiseach i dtaobh é féin agus an Tánaiste, bhí a fhios acu faoi na roghanna a ghlac an tAire Sláinte. What happened to the democratic revolution and transparency? These issues are bigger than the Minister, which is why the Taoiseach will not sack him. This goes to the heart of the Government. The Taoiseach stands over his decisions because he and the Tánaiste and the rest of the Government were part of them - different folks, same strokes.

Cuirfidh mé an cheist arís, ach cuirfidh mé í i mBéarla. I urge the Taoiseach to publish the criteria relating to primary care centres and make it clear that he will not penalise young people with disabilities in the coming budget.

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Ní cheist í sin ar chor ar bith, ach ráiteas. Thosaigh an Teachta as Gaeilge agus mar sin tabharfaidh mé an chéad fhreagra arís dó as Gaeilge. Tá na coinníollacha léirithe ag an Aire Sláinte anseo agus é ag déileáil le ceisteanna agus i ráitis atá curtha amach aige. Tá na coinníollacha breise a thug an tAire isteach leagtha amach agam anois maidir le leathnú an méid ionad sláinte a bheidh á chur ar fáil.

The Deputy mentioned young people being penalised in the budget. As I said as Gaeilge, I noted the comments today on under-18 disability payments. Let us be clear: this is media speculation about a report that has yet not even been finished, that has not even been presented to the Minister for Social Protection or that has not been considered by the Government.

Comment on this