We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Leaders' Questions

Protected bogs and turf-cutting cases

Summary

Gerry Adams asks what the Government has done to resolve the conflict between EU conservation rules and turf cutters facing prosecution. The Taoiseach cannot comment on the court case but outlines compensation, conservation plans for protected bogs and consultations with contractors and turf-cutters.

Níl brú ar bith ar na bainc. Tá brú ar na saoránaigh. Tá veto ag na bainc.

Bliain amháin ó shin, ghlac achan páirtí sa Dáil le rún chun dualgas a chur ar an Rialtas comhoibriú leis an Aontas Eorpach chun plean cosanta do na portaigh ardaithe a réiteach. Cad atá déanta ag an Rialtas ó shin? Tá ceathrar bainteoirí móna os comhair na cúirte i mBaile Locha Riach maidin inniu. Tá sé curtha ina leith gur bhain siad móin ar phortaigh cosanta in aghaidh dlí na hEorpa. Is é seo an chéad cás dá leithéid. Má fhaightear ciontach iad, is féidir fíneáil de €1,500, nó téarma príosúin de sé mhí, a ghearradh orthu. Is cosúil gur shocraigh an Rialtas ar raic, seachas réiteach, sa chás seo. Is ábhar iontach conspóide é seo do na fir agus na mná atá ag baint móna leis na glúinte. Chuaigh ionadaithe ó Shinn Féin go dtí an Bhruiséil i mí na Samhna seo caite chun bualadh leis an gCoimisiún Eorpach. Dúirt an Aontas Eorpach go raibh moltaí an Turf Cutters and Contractors Association mar bhunús an réiteach. Creidim go bhfuil baill an ghrúpa sin ag lorg réiteach. Tuigeann siad go gcaithfear aire a thabhairt don dúlra, chomh maith leis na daoine atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach. An aontaíonn an Taoiseach go bhfuil go leor spás i dtreoir an Aontas Eorpach chun an cás seo a réiteach? Má aontaíonn, cá bhfuil an plean cosanta do na portaithe ardaithe?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá a fhios ag an Teachta nach féidir liom rud ar bith a rá faoi chás atá os comhair na cúirte. Ar feadh na céadta bliain, bhí muintir na hÉireann ag baint móna as na portaigh leis an sleán, srl. Níl sé sin i gceist anseo.

Maidir le cúrsaí san Eoraip agus anseo ó thaobh dúlra de, tá portaigh ar fud na tíre agus is limistéir chaomhantais speisialta iad. Sin an fáth gur tugadh isteach an scéim go mbeadh gearradh siar agus ansin deireadh le baint na móna sna portaigh sin. Ní dhearnadh rud ar bith faoi seo le 13 bliana anuas cé go ndúirt na hiar-Airí go ndéanfaí rud éigin faoi. Ag éirí as sin, bhí pionós gearrtha ar Rialtas na hÉireann, agus de thoradh air sin ar mhuintir na hÉireann, toisc nach ndearnadh rud ar bith.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim isteach go mbeadh liúntas ar fáil dóibh siúd a ghlac páirt sa scéim agus go mbeadh portaigh nua le fáil ag an chuid eile ionas go mbeidís in ann leanúint ar aghaidh le baint na móna. Dóibh siúd atá ag dul anonn in aois, beidh móin ar fáil saor in aisce acu agus tabharfar sin díreach dá dtithe chuile bliain. Tá ag éirí go maith leis an scéim sin.

Tá a fhios agam go bhfuil díomá ar líon beag daoine mar gheall air seo. Tá an tAire agus foireann na Roinne ag obair ionas go mbeidh réiteach leis seo agus go mbeidh an scéim ar fáil ionas go mbeidh daoine in ann glacadh leis – airgead a fháil má éiríonn siad as móin a bhaint, portaigh nua a chur ar fáil dóibh siúd a mbeidh gá acu agus fonn orthu leanúint ar aghaidh le baint na móna agus móin ó phortaigh eile a thabhairt díreach do thithe na ndaoine eile.

Beidh cead ag na daoine seo leanúint ar aghaidh lena bportach féin. Beidh cead acu dul air agus turasóirí a thabhairt ann. Fadhb chasta í seo agus cé nach bhfuil an tAire ag déileáil leis ach le dhá bhliain anuas, tá obair mhaith déanta aige san am sin.

Níor mhiste liom go mbeadh duine ar bith os comhair na cúirte mar gheall air seo ach tá a fhios ag gach duine céard é an dlí agus céard ba chóir a dhéanamh. Nílim ag caint faoi fheirmeoirí agus faoi dhaoine áitiúla atá ag baint móna le sleán. Tá innill mhóra ag obair ar na portaigh seo agus le cuid acu, rinneadh an-damáiste. Tá na cásanna seo os comhair na cúirte agus ní féidir liom focal a rá fúthu. Tá an dlí soiléir agus ba mhaith liom go mbeadh chuile duine in ann glacadh leis an dlí sin.

Comment on this

Tá a fhios agam nach féidir leis an Taoiseach trácht a dhéanamh ar chás atá os comhair na cúirte. Is rud dona é, áfach, go bhfuil daoine os comhair na cúirte ar maidin ar aon chaoi. Mar a dúirt mé, bhí achan pháirtí anseo ar aon intinn faoi phlean a chur le chéile. Dúirt an Taoiseach go bhfuil an tAire agus a fhoireann ag obair ar an chás seo. Bhí lucht bainte móna sna Tithe anseo an tseachtain seo caite agus dúirt siad go han-soiléir nach bhfuil an tAire ag obair leo. Creidim go bhfuil spás ann faoi láthair idir an Aontas Eorpach, lucht bainte móna agus an Rialtas chun rudaí a shocrú. Níl aon chúis raice idir an Stát agus na daoine seo. Tá aithne mhaith ag an Taoiseach ar a lán de na daoine atá ag gearán faoi seo agus is daoine uaisle iad atá ag baint móna leis na blianta.

Tá deis sa treoir ón AE chun an cás seo a réiteach. Má aontaíonn an Taoiseach leis seo, cá bhfuil an plean cosanta? Mar a dúirt mé, bliain ó shin bhí achan pháirtí ar aon intinn air seo so cad chuige nach bhfuil plean ann inniu?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá níos mó ná €3.5 milliún íoctha faoin scéim a tugadh isteach. Tá suas le 766 iarrthóirí a bhfuil suim acu bheith páirteach sa scéim seo agus is maith an rud é sin. Tá suas le 53 portach ardaithe ag a bhfuil limistéar caomhantais speisialta agus caithfear go gcuirfear plean faoi leith os comhair na hEorpa faoi gach ceann acu. Ní furasta sin ó thaobh cúrsaí uisce agus cúrsaí forbartha na bportach sin. Tá obair ar siúl ar na portaigh atá i gceist anseo agus obair ar siúl ó thaobh plean leathan maidir leo. Beidh gach portach ag teacht isteach faoin bplean san am atá le teacht. Tá jab mór le déanamh ag an Roinn anseo.

Cuireadh comhairle do na portaigh ar bun, ar a raibh iar-bhreitheamh i gceannas, agus rinne an chomhairle sin a lán oibre. Is cúis díomá dom é go bhfuil daoine os comhair na cúirte ach ní féidir cur isteach ar obair na Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Tá an scéim an-tábhachtach agus tá trí phointe maidir leis: portaigh eile a thabhairt dóibh siúd ar a bhfuil fonn leanúint ar aghaidh, airgead a thabhairt dóibh siúd atá sásta glacadh leis an scéim, agus móin saor in aisce a thabhairt do dhaoine eile atá ag dul anonn in aois.

Leis an obair atá á dhéanamh ag an Aire agus a fhoireann, beidh siad in ann leis an chomhairle tailte móna déileáil le daoine ionas go mbeidh muinín acu sa mhéid atá ar siúl. Níl daoine a bhaineann móin le sleán i gceist anseo. Níl a fhios agam an ndearna an Teachta an obair sin é féin riamh.

Comment on this

Is as Baile Uí Mhurchú mé.

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá fhios agam go maith faoi agus tá athrú béime tugtha isteach leis na hinnill ollmhóra atá ag obair ar phortaigh áirithe faoi láthair.

Comment on this

An mbuailfidh an tAire le lucht bainte móna?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá an chomhairle tailte móna ann agus casadh ar an Aire na hinnealltóirí agus conraitheoirí in éineacht leo siúd ag a bhfuil portaigh. Tá conraitheoirí ann agus baineann siad móin ar na portaigh dóibh siúd gur leo na portaigh. Bhí raic ar siúl ag cuid acu nuair a casadh orm iad.

Comment on this