We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Health legislation timetable and debate

Summary

Gerry Adams criticises limits on debate and asks about forthcoming health legislation; the Taoiseach says it awaits Committee Stage and promises proposals to improve legislative business in the next session.

Bhí mé ag éisteacht leis an Taoiseach agus ba mhaith liom a smaointe a chloisteáil faoi conas is féidir linn leanacht ar aghaidh le díospóireacht ar Bhillí anseo, mar tá Sinn Féin an-mhíshásta leis an tslí ina bhfuil an Rialtas ag cur stop le díospóireachtaí anseo agus ag baint úsáide as an ghilitín. Tá a lán leasuithe le cur ag Sinn Féin, ach ní féidir linn caint fúthu ná ní féidir linn iad a chur. Sin mo bharúil faoin méid adúirt an Taoiseach bomaite ó shin.

Ba mhaith liom ceist a chur faoi reachtaíocht atá forógraithe, ceist an-tábhachtach don Aire Sláinte maidir leis an Bille Sláinte (Earraí Liachta a Phraghsáil agus a Sholáthar). Tá tuairisc sna meáin go bhfuil seirbhísí sláinte sa Stát seo ag íoc suas le 24 uair níos mó le haghaidh drugaí generic ná mar atá an NHS ag íoc i Sasana. Sin bearna an-mhór, suas le 24 uair níos mó. Tá othair Éireannacha agus íocóirí cánacha á scriosadh le seo. Cén uair an mbeidh an reachtaíocht seo os comhair na Dála arís agus cén uair a cuirfear í i bhfeidhm?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá sin le teacht, ach táthar ag feitheamh faoi láthair ar Chéim an Choiste. Tabharfaidh an Bille cead don Aire praghasanna a réiteach i dtaobh druganna. Ní hamháin sin, ach tá Billí eile ar an ábhar seo le teacht isteach freisin.

Ní theastaíonn uaimse go mbeadh cosc ar bith ar díospóireachtaí anseo agus tabharfaidh mé isteach moltaí faoi sin don chéad seisiún eile i dtreo agus go mbeimid níos éifeachtaí maidir le cúrsaí gnó anseo. Beidh mé sásta déileáil leis an Teachta Adams ansin agus le Teachtaí eile.

Comment on this