Forestry and competition legislation
Éamon Ó Cuív asks about the forestry and Consumer and Competition Bills, including possible Coillte timber sales. The Taoiseach says the forestry Bill will be published this session, while the complex competition Bill is likely delayed.
Tá dhá cheist agam don Taoiseach. Maidir leis an Bille a bhaineann le foraoiseacha, cén uair a fhoilseofar é agus cén uair a thiocfaidh sé os comhair an Tí? An mbeidh moltaí ann maidir le díol na gcrann atá ag Coillte Teoranta? Mar is eol don Taoiseach, tá amhras mór ar an bpobal maidir leis an mholadh atá ag an Rialtas na crainn atá ag Coillte a dhíol agus an dochar a dhéanfadh sé sin.
Baineann an dara cheist leis an mBille i dtaobh tomhaltóirí agus iomaíocht, Bille Uimh. 13 atá le foilsiú an seisiún seo. Tá fíor-thábhacht ag baint leis an mBille seo ach níl ach cúig seachtain fágtha sa seisiún seo. An bhfoilseofar an Bille sin i rith an tseisiúin seo?
Comment on this
Tá an Bille sin casta. Bhí sé ar intinn go bhfoilseofaí é an seisiún seo, ach ag an bpointe seo ní dóigh liom go n-eireoidh linn é sin a dhéanamh de bharr na deacrachtaí atá tar éis teacht os ár gcomhair. Maidir leis an mBille a bhaineann le cúrsaí foraoiseachta, foilseofar é an seisiún seo.
Comment on this
An ndéanfaidh sé plé le díol na gcoillte?
Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár;
Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach
Is is ní chluinfear a cling go brách.