Mortgage repossession legislation
Joe Higgins asks whether legislation will expand banks’ repossession powers; the Taoiseach confirms a Bill is planned this session to address the legal consequences of the Dunne judgment.
Tá sé ráite le seachtain anuas i gcuid mhaith de na meáin chumarsáide go bhfuil an Rialtas chun reachtaíocht a thabhairt chun cinn chun cumhacht níos leithne a thabhairt do na bainc agus institiúidí morgáistí tithe a thógáil ó theaghlaigh atá i dtrioblóid le aisíoc morgaístí. Mar is eol don Taoiseach, chuir an tArd Chúirt cosc ar na bainc daoine a dhíbirt as a dtithe má tógadh na cásanna cúirte i ndiaidh 1 Nollaig 2009.
An bhfuil an reachtaíocht seo le tabhairt chun cinn? An bhfuil sé seo i gceist mar réiteach ar an gcruachás ina bhfuil gnáthdhaoine de bharr polasaithe tubaisteacha déine an Rialtais? An bhfuil an Rialtas chun reachtaíocht den tsaghas seo a thabhairt chun cinn, seachas na fiacha agus na aisíocaíochtaí a laghdú, chun cumhacht a thabhairt do na bainc daoine a chaitheamh amach as a dtithe? An bhfuil sé fíor go bhfuil an reachtaíocht seo ag teacht?
Comment on this
Caithfear déileáil leis an gceist seo ag éirí as an mbreithiúnas Ard Chúirte le blianta anuas. Tá sé i gceist againn reachtaíocht a thabhairt isteach chun an córas dlíthiúil atá anseo - an Dunne judgment - a réiteach. Foilseofar an Bille sin sa seisiún seo. Ní rud nua é seo. Nuair a bhí mé mar chomhairleoir ar údarás áitiúil na blianta fada ó shin, i mbeagán cásanna nuair nach raibh aon iarracht á dhéanamh an t-airgead a íoc thar n-ais, tógadh an teach ón duine agus bhí teach eile le tabhairt dóibh. Ní miste liom go mbainfí teach as duine ar bith. Caithfear an dlí a réiteach de réir an bhreithiúnais Ard Chúirte. Tá sé ráite ag na bainc nár mhiste leo teach ar bith a thógáil as duine ar bith. Tá sé i gceist againn go mbeidh an próiseas soiléir agus féaráilte. Ní cheart go mbeadh banc ar bith in ann teacht anuas an bóthar agus a rá "táimid chun an teach seo a thógáil uait" gan próiseas soiléir agus féaráilte a leanúint. Caithfidh an Rialtas glacadh leis an mbreithiúnas Ard Chúirte ina leith seo. Foilseofar an Bille sin go luath.